24.5.12

Blag Nua

Tá blag nua Tionscadal Teanga cruthaithe agam - blag ar a bhfuil sé mar chuspóir agam scríobh faoi ábhair a bhaineann leis an teangeolaíocht. Tá súil agam amach anseo cur síos a dhéanamh go neamhrialta ar thaighde atá déanta agam nó léite agam. Tá súil agam go mbeidh mé in ann an dá thrá a fhreastal - leanúint ar aghaidh le mo smaointe fánacha a leagan síos anseo faoi cheilt, agus míreanna, abair, níos troime a scríobh ansin. Níl taithí ar bith agam ar scríbhneoireacht acadúil na Gaeilge (cé go bhfuilim ag freastal ar Dhianchúrsa i gCruinneas na Gaeilge faoi láthair ar-líne) - agus táim cinnte dearfach go mbeidh botúin ann ó thaobh na gramadaí de. Ach bígí foighneach leis. Cuirim fáilte romhaibh, ar ndóigh, bhur smaointe féin a chur leis, ceartúcháin san áireamh.

2 comments:

  1. Maith thú! Blag suimiúil eile i nGaeilge!

    ReplyDelete
  2. Go n-éirí go geal leat, a John! An blag curtha ar mo liosta anois..:-)

    ReplyDelete