21.5.12

Lógó sa Leithreas

B'fhéidir go rabhas faoi thionchar an óil... b'fhéidir go rabhas - i ndiaidh bhua Katie Taylor agus an cluiche ceannais uile-Éireannach sa rugbaí - faoi thionchar an tírghrá...

...ach nuair a chonaic mé na cácaí seo thíos i leithreas na bhfear i mo theach tábhairne áitiúil oíche Dé Sathairn, chonaic mé cruth na seamróige iontu.



An piss-róg atá ann mar sin?

4 comments:

  1. Gan dabht..:-)

    Ar cheap aon duine, i leithreas na bhfear, go raibh sé ait go raibh tú ag tógáil grianghraf den fhualán, a John?

    Katie Taylor Abú!

    ReplyDelete
  2. Sea, tá manaí is tuartha le feiceáil chuile áit, ach radharc na súl a bheith agat!
    ;-)

    ReplyDelete
  3. Ha! Bhíos an-chúramach nach bhfeicfí mé!

    ReplyDelete
  4. Meas tú gurb ann dá leithéid de sheachmall agus "seachmall brú fuail bheorach"?

    Ar aon nós, comhghairdeas le Katie Taylor (ó chroí) agus comhghairdeas leis na Laighnigh (grrrrr...).

    ReplyDelete