Tá dhá sheomra bhreise againn sa teach faoi láthair, bhuel, bhí, go dtí gur athraigh mé ceann dóibh ina seid garraíodóireachta, nó ina phlandlann, b'fhearr dom a rá, dom' luibheanna. Seo daoibh iad... sa bhosca dubh: síobhas (ag a haon a chlog), basal (ag a cúig), lus an choire (ag a hocht) agus, sílim, peirsil (ag a haon déag). Nílim róchinnte faoin dá cheann deireanacha, mar tá siad an-chosúil lena chéile faoi láthair. Ar ndóigh tá planda basail ar dheis, 'ceann a rinne mé cheana féin' mar a déarfá.
Caithim a rá nach bhfuil 'méaracha glasa' agam go fóill. Tá cuma shláintiúil ar an mbasal, ceart go leor, ach nílim ródhóchasach faoin bpeirsil bhocht, agus de réir mo chara tí, tá an síobhas "cosúil le ríbeanna gruaige Homer Simpson" - lag agus annamh. Is léir nach mbeidh síobhas fite fuaite i mo phrátaí bruite brúite ar feadh tamaillín eile...
Subscribe to:
Post Comments (Atom)
Molaim do shaothar. Déarfainn ó chuma na síológa nach bhfuil a ndóthain solais á fáil acu, áfach. Feictear dom go bhfuil siad “leaning out for love (na gréine)” mar a dúirt Leonard Cohen san amhrán “Suzanne”.
ReplyDeleteHa! Tá an ceart agat a Dennis, is léir. Deireann sé ar an bpaicéad, áfach, nár chóir dom iad a fhágáil faoi sholas díreach. Faraor, níl iomas ná instinn an gharraíodóra agam... go fóill ;)
ReplyDelete@ síobhas fite fuaite i mo phrátaí bruite brúite
ReplyDeleteCliste..:-)
@ níl iomas ná instinn an gharraíodóra agam..
..ná agamsa, a John, ach, maireann mo luibheanna - le cuidiú ó mo Gharraíodóir féin..;-)
Aontaím le Dennis faoin 'leaning out for love', ach ná fiafraigh díom réiteach na faidhbe sin!