25.5.12

Hellelil agus Hildebrand



Ní fhaca mé riamh é... níor chuala mé trácht riamh ar an ealaíontóir... agus rinne mé an Ealaín don Ardteist... mo náire... nach álainn an íomhá é... agus tá sé ainmnithe anois mar an pictiúr is mó tóir air in Éirinn, leis an gclár Masterpiece. Na hiomaitheoirí ar fad le feiceáil anseo.

Comhgairdeas libh a Hellelil agus a Hildebrand... agus, ar ndóigh, a ealaíontóra, Frederic William Burton (1816-1900)... as Cora Finne, Co. an Chláir. Ní hé an ceol amháin atá láidir sa chontae sin, is léir.



4 comments:

  1. Cé acu ceann ar an shortlist is fearr leatsa? Is maith liom, mar ealaín Éireannach, A Connemara Village, ach tá an Caravaggio i bhfad níos fearr ná ceachtar acu, dáiríre.

    ReplyDelete
  2. Chaith mé vóta, agus bhí mé breá sásta gur éirigh leis an gceann seo, a John..:-)

    ReplyDelete
  3. Is fearr liomsa ceann Louis le Brocquy, A Family. Is maith liom saothar Le Brocquy go ginearálta, ach sa cheann seo go háirithe éiríonn leis freagraí difriúla a léiriú agus na triúr ball den teaghlaigh ag amharc ar aghaidh ar an dara leath den fichiú haois, an chéad leath-aois a chlis go dona ar mhuintir an domhain uilig.

    peanncleite.wordpress.com

    ReplyDelete
  4. Is fearr liomsa an Caravaggio freisin, cé nach le healaíontoir Éireannach é. Is aoibhinn liom ealaín Paul Henry, ach is dócha go bhfuil rud éigin rósheintimintiúl ag baint leis. Is maith liom an Leech - a bhí ar siollabas na hArdteiste. Tá cuid mhaith saothar le Harry Clarke feicithe agam (fuinneoga atá i gceist), agus is breá liom iad. Tá ceann le fáil in eaglais áitiúil mo mháthar - eaglais beag tuaithe. Is deas an rud é go bhfuil seod ealaíne mar sin le fáil i ngnáthfhoirgneamh pobail, i bhfad ó iarsmalannaí BhÁC.

    ReplyDelete