Bhuel? An bhfuil sibh ag baint suilt as An Hobad? Táim ar lth. 166 faoi láthair ag druidim i bhfad róthapaidh i dtreo deireadh an leabhair.
Is í an difríocht is mó idir leabhar mar seo a léamh as Béarla agus as Gaeilge, i mo thuairimse, ná an pléisiúir a bhaineann leis an léitheoireacht nó, abair, cuspóir na léitheoireachta. Is cuimhin liom nuair a bhíos ag léamh an leabhair seo as Béarla gur rith mé tríd go tapaidh ag iarraidh an scéal - an plota - a chur ar eolas agam. Anois, agus mé á léamh don dara uair, as Gaeilge, tá pléisiúir ag baint leis na focail iad féin a phróiseáil... a bhuíochas leis an aistritheoireacht ealaíonta ó Nicholas Williams. Cé go bhfuil an plota dearmadta agam, is cuma liom i ndáiríre faoi eachtraí Bhiolbó agus a chairde agus mé á léamh an uair seo. Tá i bhfad níos mó suilt le baint as na phrásaí agus na focail nua atá le fáil ann. Tabharfaidh mé sampla deas daoibh a léigh mé le déanaí...
"Brúfar, bascfar agus déanfar brioscbhruar dínn, agus báfar freisin muid cinnte!" a dúirt siad de mhonabhar.
Níl an bunleagan Béarla ar eolas agam, ach nach deas an abairt í sin thuas...?
Orange Turd
5 days ago
Is deas agus is iontach an leabhar é cinnte, is gá coinneáil ort go mall tríd, nó imeoidh se uiat róthapa!
ReplyDelete@ nach deas an abairt í sin thuas...?
ReplyDeleteIs deas, go deimhin - an abairt, cibé faoin ngníomh..:-)
GRMA as an réamh-bhlaiseadh de.
ReplyDeleteTáim ag súil leis an leabhar seo a léamh.
Nuair a léim leabhar, is maith liom bheith ag plé le próiseas an scríofa agus an aistriúcháin - chomh maith leis an scéal féin a léamh.