6.9.12

Arán Donn - blasta gan a bheith casta

Thriáil mé oideas aráin a fuair mé ó m'aintín le déanaí - oideas atá fool-proof dar liomsa, toisc go raibh mise in ann é a chócaireáil, gan dul ar an idirlíon nó glaoch a chur ar mo mháthair, fiú! (DAS, cad é an Ghaeilge ar fool-proof?)

D'úsáid mise plúr caiscín a raibh síolta lusa na gréine, ros lín
agus muiléad ann, a chuir blas, dath agus uigeacht deas leis.


Seo daoibh é. Tá dhá bhuilín aráin i gceist anseo.

Comhábhair:
10 oz Plúr bán
18 oz Plúr caiscín
3 oz Min choirce
1 tsp Salann
1 tsp Siúcra
3 tsp Sóid aráin (criathraithe)
1 Ubh
950 ml Bláthach
(Síolta lusa na gréine/poipiní don bharr má's mian leat)

An tOideas:
Cuir na comhábhair thirime isteach i mbabhla mór agus meascaigh le chéile iad. Buail an ubh go héadrom i mias eile, agus ansin meascaigh an ubh agus an bláthach le chéile. Isteach leis an ubh/bláthach ar na comhábhair thirime agus meascaigh le chéile iad. Cuir an meascán seo isteach in dhá stán builín - le him ar a n-imill - agus cuir in oigheann réamh-théite 200c (nó b'fhéidir 190c i bhfeanoigheann te) nó gasmharc 6 ar feadh 50 nóiméad. Tóg amach iad agus fág iad ar tráidire sreinge le taetuáille thar timpeall orthu.

6 comments:

  1. Sílim gur min choirce atá i gceist agat seachas leite.

    Arán taos ghéar a bhíonn againne. Beagán níos casta mar go caitheann sé suí ar feadh an lae.

    Bain sult as!

    ReplyDelete
  2. Tá an ceart agat, a Aonghuis. Min choirce a bhí i gceist agam.

    An ndéanann sibh arán taos ghéar chun comhábhar éigin a sheachaint? Nó, just, toisc go dtaitníonn an blas leat?

    ReplyDelete
  3. Nós agus blas.

    Thosaigh muid blianta ó shin (agus muid fós sa Ghearmáin). Is maith liom arán téagartha. An ghráin agam ar an stuif bog a díoltar abhus mar arán! Arán sóid go deas nuair atá sé úr, ach ní mhaireann ró fhada.

    ReplyDelete
  4. Tá oideas mar é agam, a John, agus tá sé sothuigthe agus dobhuailte, freisin..;-)

    Tá cuma an-deas ar an arán sin thuas, caithfidh mé a raibh; an-jab, a chara!

    ReplyDelete
  5. GRMA, a Áine. Táim thar a bheith sásta liom féin ;)

    ReplyDelete
  6. Tá sé ag breathnú go maith! Ach... ubh in arán donn?? Níl ach cúig chomhábhar san oideas clasaiceach, go bhfios dom, mar atá caiscín, bláthach, salann, sóid... agus a lán lán taithí !

    ;-)

    ReplyDelete