12.9.12

Do Molly, Mise agus Sióg

Toisc gur cruthaíodh an t-idirlíon chun físeáin fhéilíneacha a roinnt, agus chun iarracht a dhéanamh Denis a mhealladh ar ais chuig an mblagaisféar (tá cat agus Fraincís ann, a Dennis!), seo daoibh Henri, cat atá faoi chois ag an saol mór. Ar ndóigh, d'fhéadfainn na mílte físeáin de chait a thaispeáint anseo, ach thaitin scéal Henri bocht agus a crise existentielle go mór liom. Tá súil agam go bhfuil Molly, Mise agus Sióg ag baint níos mó súip as an saol...


7 comments:

  1. Go raibh maith agat as Henri! Ar an drochuair, níl a chuid Fraincise thar mholadh beirte. Foighid ort maidir leis an mblag. Tháinig mé abhaile ó Pháras aréir. Is nós liom gan bhacadh le ríomhphost ná le blagáil le linn dom a bheith san Eoraip.

    ReplyDelete
  2. Fáilte ar ais, a chara! Tá súil agam go mbeidh neart ábhar blagála agat ón taobh seo den domhan, chomh luath is a socróidh tú ar ais ar chiumhais an Aigéin Chiúin.

    ReplyDelete
  3. Deas cloisteáil uait, a Dennis!

    Agus, Henri bocht - an chéad chat támhbhreoite a chonaic mé riamh, a John..:-)

    ReplyDelete
  4. Haigh, John - aon seans go mbeifeá sásta píosa a scríobh dúinn faoin mBreatain Bheag agus Cymraeg? Nó do rogha ábhar eile? Bíonn ábhar de dhíth orainn i gcónaí - agus léitheoirí... www.angaelmagazine.com

    ReplyDelete
  5. Bheinn breá sásta é sin a dhéanamh, a Shéamais. Cineáilín faoi bhrú faoi láthair ag druidim i dtreo dheireadh mo PhD, ach déanfaidh mé iarracht rud éigin a scríobh.

    ReplyDelete
  6. @Áine: Is maith liom an focal sin 'támhbhreoite', agus 'támhlag', 'támhchodladh' agus 'támhán'. Titeann támh orm go minic agus mé ag iarraidh mo PhD a scríobh. I bhfad rómhinic :(

    ReplyDelete
  7. @ Titeann támh orm go minic agus mé ag iarraidh mo PhD a scríobh

    John bhocht, ach cliste leis..:-)

    ReplyDelete