19.9.12

Slew/slua

Foghlaimíonn tú rud nua gach lá, go háirithe nuair a léann tú blag Róislín faoin nGaeilge. Mar shampa, níor thuig mé gur tháinig an focal Béarla 'slew' - "he asked me a slew of questions" - ón bhfocal Gaeilge 'slua' go dtí inniu. Laidhc, duhhhh...

Ní mó focal Béarla a bhfuil sanasaíocht Ghaeilge acu - rud atá spéisiúil go leor nuair a smaoinítear ar an méad Gaeilgeoirí a chuir futhu sa Bhreatain, SAM agus an Astráil. Ar ndóigh, tá 'smithereens' agus 'galore' ar eolas againn go léir. Agus deirtear go dtagann an focal Meiriceánach 'phoney' ó 'fáinne' s'againne, mar gheall ar na fáinní bréaga a bhí á ndíol ag inimircigh Éireannacha/Shasanacha i Meiriceá. Tá liosta focal eile ag Wikipedia, ach níl siad iomlán cinnte faoi shanasaíocht gach ceann acu. Taitníonn foinse an focal 'hooligan' liom freisin agus 'kybosh'.

Déanfaidh mé iarracht inniu an focal 'slew' a úsáid chomh minic agus is féidir liom le mo chairde Breatnacha. Ar mhaithe le dul chun cinn na Gaeilge, bíodh a fhios agat!

7 comments:

  1. Is aoibhinn liom blag Róislín - rud nua le foghlaim agam ó chuile bhlagmhír uaithi, feictear dom.

    Meas tú an bhfuil a fhios ag an dream thall ansin faoin bhfocal 'tory' ar an 'liosta focal eile' úd, a John..;-)

    ReplyDelete
  2. Ha. Chonaic mé an ceann sin. Meas tú an iad na Tories atá i gceist?! De réir dictionary.com, tá míniú breise ag an bhfocal sin: (in the 17th century) a dispossessed Irishman who resorted to banditry, especially after the invasion of Oliver Cromwell and suppression of the royalist cause (1649–52).

    ReplyDelete
  3. Tá an-chosúlacht idir "dramhaíl" agus "drivel". Tá sé gar go leor chun gaol a mhaíomh (cé gur ó "dribble" a thagann sé de réir an fhoclóra!) Faraor.

    Agus pé uair a chloisim "under the kosh" ritheann an nath "faoi chois" liom.

    ReplyDelete
  4. Ar éirigh leat an focal a úsáid? Níor úsáid mé an focal sin riamh i mo shaol.

    ReplyDelete
  5. Níor éirigh liom, a Néidí, go fóill. Sílim go n-úsáidtear níos minicí san iriseoireacht é ná sa chaint. Scríobhtar an phrása: "a slew of allegations" go minic sna nuachtáin, mar shampla.

    ReplyDelete
  6. @ormondo: Faraor, ní fios cad as a tháinig an focal 'kosh/cosh' ach luaitear an focal Rómáinise 'koshter' a chiallaíonn bata. Ach rithfidh an nath 'faoi chois' liomsa nuair a chloisim é as seo amach!

    ReplyDelete
  7. Deirtear "a whole slew of ___” abhus anseo mar chuid de “chaint na ndaoine”. Níl a fhios agam cé chomh minic go beacht, ach tá sé cloiste agam minic “galore” agus ráite agam chomh minic céanna.

    ReplyDelete