4.5.10

Ceacht sa Mhanainnis

Bhí an t-ádh orm inniu léacht a chloisteáil ó Mharie Clague, saineolaí agus taighdeoir Gaeilge na Manainne. Thug sí léirmheas dúinn ar stair na teangan agus a staid sa lá atá inniu ann. Cé go bhfuair an cainteoir deireanach bás i 1975, tá os cionn míle duine le Manainnis inniu - thart fá 50 dóibh a ghlaoitear 'líofa' orthu féin - agus tá "bunscoill Ghaelagh" ar an oileán le 64 dalta. Tá go leor cosúlachtaí idir deacrachtaí na Manainnise agus na dteangacha Ceilteacha eile, rud a chuir iontas ar na Breatnaigh sa lucht féachana. Fadhbanna leis an teanga a chur chun cinn i measc daoine óga, le caighdeán a chruthú don chóras oideachais, le múinteoirí líofa a aimsiú, srl. Chuir sé gliondar ar mo chroí í a chloisteáil ag labhairt na teangan agus cé chomh cosúil is atá sí lenár nGaeilge féin. Rinne Coimisiún Béaloideasa Éireann taifeadadh ar seachtar cainteoir i 1948, agus is acmhainn fíor-thábhachtach é fuaimniú ceart na teangan a chaomhnú (cé go raibh go leor difríochtaí idir na cainteoirí ar fad mar gheall ar an easpa cumarsáide eatarthu).



Chuir mé cúpla ceist uirthi ag deireadh na léachta faoin nasc idir na 'Gaeilgí' ar fad. Dar léi, 'sí Gaidhlig na hAlbain an Ghaeilge is congaraí don Mhanainnis ach, sin ráite, go mbreathann siad ar Ghaeilge na hÉireann go minic agus iad ag cruthú focail nua Manainnise do théarmaí nua-aimseartha (tá Gaeilgeoir Éireannach ar an gcoiste teangan, agus tá tionchar mór aige ar na haistriúcháin).

No comments:

Post a Comment