18.5.10

Fótafoclóir Gaeilge-Breatnais

Right. Táim chun tús oifigiúl a chur leis an gcéad Fhótafoclóir Gaeilge-Breatnais anseo. Le cúnamh Dé, beidh an leabhar sna siopaí i gcomhair na Nollag!


Siopau = Siopaí
(Tollau = Tollaí)


Drws = Doras
Tân = Tine

Eglwys = Eaglais

Pwll mawr = Poll mór

7 comments:

  1. Smaoineamh an-mhaith. Ceist agam ort, sna cásanna thuas, bhfuil foghraíocht na Breatanaise cosúil le foghraíocht na Gaeilge?

    ReplyDelete
  2. Tá cuma orthu go bhfuilid an-chosúil lena chéile. An dtagann bunbhrí na bhfocal seo ón Laidin nó an é gur teangacha Ceilteacha iad?

    ReplyDelete
  3. Ceapaim go dtagann siopa, lampa, halla,(focail a críochnaíonn le a) ón SeanBhéarla.
    An bhfuil an Breatnais do lampa, halla agat?

    ReplyDelete
  4. Chun an fhírinne a rá, a Phroinsias agus a Dhubhaltaigh, níl fhios agam go fóill. Caithfidh mé fanacht go dtí an chéad téarma eile chun freastal ar rang Breatnaise san ollscoil. Thosnaigh mé ag glacadh grianghrafanna d'fhocal atá cosúil lena chéile chun stór focal beag a chruthú dom fhéin (agus tá súil agam go gcabhróidh sé liom an rang Gaeilge a mhúineadh chomh maith).

    Ó thaobh na foghraíochta de, tá cosúlachtaí cloiste agam ó mo mhic léinn i gcásanna áirithe - mawr, mór mar shampla - ach níl i gcásanna eile - i gcás Y Mochyn Du (An Muc Dubh, teach tábhairne sa chathair) fuaimnítear an focal Du cosúil lenár bhfocal dí.

    Is léir go dtagann roinnt fhocal ón Laidin - Eglwys, Eaglais, Eglise, Ecclesia - agus ón mBéarla - siopau, siopaí, shops. Ach céard faoi 'doras' agus 'tine'?

    ReplyDelete
  5. Bhuel, má fhéachaim sa bhfoclóir is 'lamp' agus 'neuaddau' iad. Ach b'fhearr liom fanacht go dtí go bhfuil siad léite ar fhógra éigin agam. Glacfaidh mé grianghraf duit!

    ReplyDelete
  6. Is maith liom an smaoineamh seo! Tá focail ar nós “mawr” agus “siop” an-éasca a aithint. Tá “tân” (= tine; ón gCeiltis *ten-os nó *ten-ês, ón bhfréamh Ind-Eorpach *tep-) beagán níos deacra. Agus ansin tá na focail ar nós “gwyn” (= fionn) atá sách éasca a aithint má an riail ar eolas agat.

    ReplyDelete
  7. Is maith liom an Fótafoclóir! Maith thú, a John.

    ReplyDelete