6.5.10

Seanad glas oscailte


Feictear díreach i lár an ghriangraif seo (agus ar bharr an bhlaig) Senedd - Seanad - na Breataine Bige, cruthaithe 10 mbliana ó shin le teacht na déabhlóide.

Shiúil mé isteach inniu chun grianghraf a ghlacadh, agus tugadh cuireadh dom turas treoraithe a dhéanamh liom féin agus saor in aisce! Bhí mé uair a' chloig ag siúl timpeall leis an treoraí agus bhí cead agam gach seomra ann a fheiceáil.

Chuir sé iontas orm cé chomh oscailte (70% don fhoirgneamh oscailte don phobal), nua-aimseartha (ríomhairí vótála, scáileáin i gcomhair físeanna ón bpobal a thaispeáint sa tionól) agus glas (uisce athchúrsáilte, fuinneamh glan agus glas) is a bhí an foirgneamh. Is féidir le éinne cuairt a thabhairt air agus obair an tionóil a fheiscint gan cead a fháil roimhré. Agus ní ghá ach 10 nainmneacha a fháil chun do thuairim féin a chur roimh an tseanaid. Bíonn leath don obair as Breatnais, le foireann aistritheoirí ann i gcónaí.






Bhí sé an-chiúin inniu mar gheall ar an toghchán, ach beidh mé ar ais arís. (Tá caifé álainn ann, ar ndóigh!)

1 comment:

  1. Cé go bhfuil na Glasaigh i gcumhacht sa tír seo, agus duine acu i gceannas ar an Roinn Comhshaoil, osclaíodh dhá fhoirgneamh mhóra nua stáit anseo le déanaí, agus is córas ola an téamh lárnach atá iontu! Tuilleadh airgid ag dul amú, shílfeá...

    ReplyDelete