12.5.10

Faoi Ghlas


Bhí an onóir agam anocht bualadh le Caroline Lucas, an chéad MP Glas riamh sa Bhreatain. Bhí sí ag fanacht ar traein léi féin i lár stáisiún Victoria i Londain. Nach deas é polaiteoir a fheiceáil i mbun taisteal poiblí a usáid? Bhí orm comhgairdeas a gabháil léi agus a lámh a chroitheadh. Go n-éirí leis an nguth glas i measc na ngorm.

4 comments:

  1. Nuair a scríobh tú “Seanad glas oscailte” mar theideal ar an mblagmhír roimh an gceann seo, shíl mé go raibh na Glasaigh ar fud na háite!
    ;-)

    ReplyDelete
  2. Is léir go raibh tú 'faoi gheasa' aici...;-)

    ReplyDelete
  3. Do bhí! Is fógra maith í don saol glas. Tá craiceann iontach aici! An bhfuil crush glas agam?!

    ReplyDelete
  4. Aoibh ghleoite mhealltach. Tabhairfaidh mé mo vóta dhi an chéad bhabhta eile.

    ReplyDelete