13.5.10

Loch Garman-shire

Déanadh cur síos ar na gairdíní is fearr sa Ríocht Aontaithe inniu sa Ghuardian.

Agus féach ar uimhir a 8!



Níl Lydia bhocht róshásta faoi.




Ok, so, like, nílimid sa Ríocht Aontaithe agus, like, ba chóir go mbeadh nuachtán náisiúnta níos cúramaí, ach leis an ngéarchéim eacnamaíochta agus luaithreamhán bolcánach fós ag titim anuas ón spéir nach deas é scéal dearfach turasóireachta a fheiceáil!

Oh, agus táim níos gaire le Loch Garman anseo i gCardiff ná cuid mhaith eile na Breataine, níos gaire ná tuaisceart oileán Anglesey i dtuaisceart na Breataine Bige fiú.

4 comments:

  1. Nílimid sa Ríocht Aontaithe, is cinnte. Ach taobh amuigh den córas rialtais níl mórán difríochta eadrainn. Níl ionainn ach Sasana Beag sa lá atá inniu ann i mbeagnach gach gné den tsaol.

    Dar ndóigh tá iomáint againn in ionaid cruicéid ach taobh amuigh de sin......

    ReplyDelete
  2. Cosúil le Ceanada agus SAM?

    Séard a dhéanann an scríbhneoir a bhfuil gairdíní iontacha Phuget Sound agus Vancouver, B.C. mar ábhar aige ná “Great Gardens of the Pacific Northwest” a thabhairt air mar theideal.

    ReplyDelete
  3. Áááá, a Mhíshásta, níor chóir duit bheith chomh, bhuel, míshásta! Nach bhfuil aitheantas láidir againn, idir ceol, spórt, damhsa, litríocht agus teanga?

    ReplyDelete
  4. Tagaim le Míshásta, agus déarfainn gur beag duine nach n-aontódh leis dá smaoineoidís faoi.

    ReplyDelete