9.6.10

An Caisleán Dearg

Nuair a smaoiním ar chaisleáin na Breataine, smaoiním ar pháláis gleoite Londain nó ar chaisleáin uaigneacha iargúlta na hAlbain. Ach tá roinnt do na cáisleán is fearr le fáil sa Bhreatain Bheag, agus trí cinn dóibh i gceantar Caerdydd.






Thug mé cuairt ar cheann acu le déanaí - Castell Coch - nó an Caisleán Dearg, atá suite i gcoill álainn sna gleannta i dtuaisceart na cathrach.











Feicim an ceann seo - Caisleán Caerdydd - ar an mbealach go dtí an ollscoil gach maidin. Tá sé suite i gcroílár na cathrach, trasna ó teach tábhairne Dempsey's! Is meascán de stíleanna difriúla ailtireachta é, cuid dhó ó ré na Rómhánach.








Agus 'sé Caisleán Caerphilly an caisleán is mó sa Bhreatain. Ní rabhas féin ann go fóill ach cloisim go bhfuil sé go hálainn lena mhóta domhain.





Ag caint faoi "mhóta domhain", 'sé "dwfn" an focal Breatnaise ar "domhain". Focal eile atá cosúil lenár bhfocal féin.

3 comments:

  1. An bhfaca tú iad seo riamh, a John?

    Bhí mé sa Ghearmáin roinnt blianta ó shin, agus cheap mé go raibh na caisleáin ar an Rhine go hiontach ar fad.

    Tá na pictiúr sin uait go hálainn. Maith thú!

    ReplyDelete
  2. Go hálainn. Is breá liom caisleáin na Breataine Bige. Ceann a thaitin riamh liom Beaumaris in Sir Fon.

    ReplyDelete
  3. GRMA, a Áine. Ní fhaca mé na caisleáin sin riamh. Is léir go raibh roinnt 'keeping up with the Joneses' ar siúl sa cheantar sin. Thugas cuairt ar Caisleán Neuschwanstein agus mé ag Oktoberfest na Gearmáine cúpla bliain ó shin. Tá sé draíochtúil. Ní fhaca mé a leithéid riamh.

    Is cosúil go bhfuil aithne mhaith agat ar an tír seo, a Chailliomachais. Rachaidh mé go tuaisceart na Breataine Bige i mí Lúnasa agus tabharfaidh mé cuairt ar Bheaumaris, cinnte.

    ReplyDelete