14.6.10

Todhchaí na Beilge

Is léir go bhfuil fadhb mhór pholaitíochta sa Bheilg inniu. Roghnaíodh dhá pháirtí sa toghchán náisiúnta atá i gcoimhlint lena chéile: New Flemish Alliance sa tuaisceart, a éilíonn tuilleadh neamhspleáchais don lucht Pléimeannaise, agus na Socialistes sa deisceart, a ghealann tuilleadh infheistíochta a dhéanamh sa cheantar Fraincíse. Ní raibh an scoilt idir an dá phobal chomh soiléir riamh.

Dá scoiltfí, céard a tharlódh don tír?

Seo daoibh roinnt léirsceál ón mblag iontach Strange Maps a thugann freagraí don cheist...













a) Flanders neamhspleách agus an Bhruiséil leis, Wallonie neamhspleách.













b) Flanders neamhspleách, Wallonie neamhspleách, an Bhruiséil ina cathairstát-neamhspleách.














c) Flanders curtha leis an Ísiltír, Wallonie mar chuid den Fhrainc, an Bhruiséil ina cathairstát-neamhspleách agus príomhchathair na hEorpa, ar ndóigh.

B'fhéidir nach dtarlóidh a leithéid ar chor ar bith, ach taitníonn an saghas geo-buille-faoi-thuairim seo go mór liom.

4 comments:

  1. Ní raibh fhios agam gur Béarla a labhair na Pléimeannaigh ;-)

    (Comhaontas Nua Pléimeannach a mholfainn ar N-VA)

    Is neach measartha casta í an Eoraip sa cheantair sin, a raibh streachailt idir na mór cumhachtaí ann riamh. An difear idir na críocha a d'éalaigh ón Spáinn agus ón Fhrainc a d'fhág an léarscáil mar atá faoi láthair.

    ReplyDelete
  2. Buíochas le Dia, mar sin, gur chuireas an 'e' breise i Socialistes!

    ReplyDelete
  3. Léargas suimiúil, go deimhin...

    ReplyDelete
  4. Is mithid don dá phobal sin scarúint óna chéile, dar liom. Tír mhínádúrtha a bhí ann riamh, agus tá difear an-mhór idir an dá leath sin, sílim.

    ReplyDelete