29.6.10

Cnoic, Cnónna, Cufaí

Trí chuid den chultúr Breatnach anseo...

An tírdhreach: Thug mé cuairt ar na Brecon Beacons le gairid, áit álainn iarghúlta leathuair ón gcathair.
















An teanga: Focal eile dom' fhoclóir Gaeilge/Breatnais.

Cnau = Cnónna
















An greann: Tá an siopa seo an-ghar do IKEA. Is cosúil go bhfuil siad faoi bhrú! Dornaisc (nach deas é an focal sin?) saor in aisce le gach leaba.

3 comments:

  1. Is breá liom an bóithrín sin! Is fíor duit maidir le “dornasc”. Is maith liom an focal “ordnasc” freisin. Focal Sean-Ghaeilge é. Is cosúil go raibh siad faiseanta míle bliain ó shin. Tá dhá cheann agamsa, ach d'éirigh mé as iad a chaitheamh cúpla bliain ó shin. Le fírinne, ní maith liom fáinní. Níor chaith mé dornaisc riamh. Caithfidh sé nach bhfuil mé sách dána. Agus tú féin?
    ;-)

    ReplyDelete
  2. Ha. Níl dornaisc agam ach oiread, cé go bhfuilim sa chathair cheart dóibh. Ní fhaca mé a leithéid de hen nights riamh. Agus dá bhfeicfeá na 'cearca'. B'fhearr leat i bhfad na hordnaisc!

    ReplyDelete
  3. ASG! Maith sibh beirt, as gáire a bhaint as bean le cloigeann tinn ar maidin...:-)

    Is maith liom an focal sin 'dornasc', focal nach raibh cloiste agam cheana, agus beidh orm rud éigin a scríobh faoi, gan dabht...;-)

    ReplyDelete