16.6.10

An Séipéal Ioruach













Tá séipéal beag gleoite i gcuan Chaerdydd, a tógadh sa 19ú haois do lucht na hIorua sa chathair (is léir go raibh go leor acu ann, ag an am). Baistíodh an scríbhneoir Roald Dahl sa séipéal. Anois, tá caifé agus cultúrlann sa bhfoirgneamh, agus is aoibhinn liom dul ann ar laethanta breátha grianmhara.

Ar a leithéid de lá inniu, chonaic mé línte scríbhneoireachta ar bhalla os comhair an tséipéil, i dteangacha éagsúla. Seo daoibh na línte atá scríofa as Gaeilge/Gaidhlig.
















Sa sean-chló Gaelach:

Is aoibhinn sin 's is aoibhinn fairrge rua na ngairid faoilinn.

Agus, sa nua-chló Rómhánach

An ataireachd bhuan, cluinn fuaim na h-ataireachd aird
Tha torrunn a' chuain mar chualas leam 's mi 'nam phaisd

Is as amhrán Albanach an dara chuid. Ach níl an chéad líne, sa sean-chló Gaelach, le fáil ar Ghoogle.

2 comments:

  1. Is ionann “na ngairid faoilinn” agus “ina ngáireann faoileáin”. Níl a fhios agam cad as dó, ach tá cuma na Nua-Ghaeilge Clasaicí air.

    ReplyDelete
  2. GRMA, a Dennis. Taitníonn an íomhá sin go mór liom. Cloisim iad ag scréach, gabh mo leithscéal, ag gáire anois ó mo sheomra codlata!

    ReplyDelete