21.6.10

Cé leis é?

Comhgairdeas le Graeme McDowell inniu agus an US Open buaite aige i bPebble Beach. Tá go leor scríofa faoi sna nuachtáin inniu, ar ndóigh, agus is sampla maith é do chonspóid an aitheantais i dTuaisceart Éireann.

Dar leis na meáin, 'sé Graeme an chéad Briotanach ó 1970 (The Guardian)...













...an tríú Éireannach (The Irish Times)




















...an chéad duine ó Thuaisceart Éireann ó 1947 (BBC TÉ)...













...nó an chéad Eorpach, fiú, le daichead bliain anuas (BBC Spórt) leis an gcomórtas a bhuachaint.


















Tá an ceart acu ar fad, is dócha. (Cé gur aisteach é "Briotanach" a ghlaoch air - tá cónaí air sa UK, ní sa Bhreatain). Braithfidh sé ar an lucht léimh.

Cibé rud a ghlaoitear air, áfach, is féidir linn ar fad bheith bródúil as!

1 comment:

  1. D'fhan m'fhear féin ina shuí go dtí 2am le go bhfeicfeadh sé toradh na himeartha. Níl a fhios agam féin tada faoin gcluiche, ach tuigim go raibh an Garraíodóir breá sásta leis an toradh...:-)

    ReplyDelete