8.7.10

Mainistir Tintern/Tyndyrn/Dúntiarna

Seo daoibh mainistir Tintern, agus sruthán an mhadra uisce os a comhair (gan an madra uisce, faraor).




















Tá an mhainistir suite in iardheisceart Loch Garman, gar do leithinis Rinn Dubháin agus a teach solais cáiliúl. Tógadh an mhainistir sa 13ú haois le William Marshall. Bhí Marshall ar bhád amach ó chósta na hÉireann ar oíche stoirmiúl, agus gheall sé do Naomh Áine mainistir a thógáil ina honóir dá dtabharfadh sí slán é. Faoi dheireadh, thuirling an bád slán i gcuan Bhanú, agus cuireadh tús leis an mainistir go luath ina dhiaidh. Fuair an mhainistir a hainm ó mhainistir Tintern na Breataine Bige, as a tháinig na manaigh ar dtús.

'Sé "Tinteirn" an t-ainm Gaeilge ar an gceantar de réir logainm.ie, ach mo mhíle buíochas do Dennis aistriúchán eile a thabhairt dom. Dar le Dennis, tagann an t-ainm "Tintern" ón mBreatnais "Tyndyrn". Is ionann dyn+d/teyrn na Breatnaise le dún+tiarna na Gaeilge. Is ainm oiriúnach é "Dúntiarna", mar le teacht an Reifirméisin díbireadh na manaigh agus cuireadh tiarna talún Sasanach ina náit. Tugadh ar ais don Stát é sna 60aidí.

2 comments:

  1. Bhuel, le bheith féaráilte, Dún Áine an t-ainm is cirte, más ina honóir a tógadh é...;-)

    Scéal suimiúil, a John. Go raibh maith agat as an eolas sin a roinnt linn.

    ReplyDelete
  2. Ha, tá an ceart agat. Ceann Scríbe nua duit, b'fhéidir, 300 míle uait.

    ReplyDelete