Bhuail mé le hasal mo charad inné, gar don Indreabhán. Agus thiteas i ngrá leis ar an bpointe! Tuigim anois an t-éileamh mór atá orthu - agus an praghas ard atá orthu chomh maith, ar ndóigh. Bíonn asail sona sásta fad is bhíonn comhluadar acu, agus is cuma leo sa tsioc cá as a dtagann an comhluadar sin - asail eile, capaill, ba, caoirigh. Nach tréith álainn é sin.
'Sé "Rambo" an t-asal is sásta i gConamara. Tá dhá chapall leis sa ghort agus radharc álainn aige ar oiléain Árainn. (Thiteas i ngrá leis an gcapall bán seo chomh maith).
D'fhoghlaim mé phrása nua ó mo chara:
"chomh sureáilte is atá cros ar asal".
Nach deas é mar abairt? Tá cuid dá "chros" le feiscint ar a dhroim sa phictiúr seo.
"chomh sureáilte is atá cros ar asal"
ReplyDeleteAgus más asal dubh - nó “M'Asal Beag Dubh” - atá ann?
Ceist mhaith, a Dennis. Níl na h-asail dubha chomh cute, so ní bheadh a fhios agam :)
ReplyDeleteTáim i gConamara i láthair na huaire, a John.
ReplyDeleteCuir ríomhphost chugam más rud go bhfuil tú fós thart.
A Dennis, ní fhaca mé Coc ar a rothar in aon áit...:-)
Is faraor nach bhfuil, a Áine :( Cuairt i bhfad róghairid a bhí ann. Ar ais i gCardiff inniu. Bain sult as na h-asail!
ReplyDelete