B'fhéidir go bhfuil duine as an Lú ar thaithí oibre i nGoogle? B'fhéidir gur baineadh díoltas as an Mí mar gheall ar an gcluiche conspóideach sin. B'fhéidir go bhfuil an t-athzónáil ag dul thar fóir? Cibé cúis, tá cósta na Mí imithe (de réir Googlemaps pé scéal é). Cé go raibh 7 míle idir an Lú agus Baile Átha Cliath tráth, tá teorann idir an dá chontae anois. Fáilte go Rásaí Laytown? Fáilte go dtí an Lú.
k. 252 Aimhleas Biden
15 hours ago
Nach bhfuil áiteanna ann ar a dtugtar “the lost coast” i dtíortha eile? Fan go bhfeice mé... Sea, seo ceann díobh i gCalifornia.
ReplyDelete;-)
Ah, cósta Mendocino. Faraor, níor scríobh Kate McGarrigle amhrán faoi Bhettystown!
ReplyDeleteGo raibh maith agat as an amhrán sin, Talk to Me of Mendocino a chur ar mo shúile - agus ar mo chluasa - dom! Níor chuala mé riamh é go dtí go ndeachagh mé chuig YouTube anois díreach. Go hálainn. An é an chaoi go bhfuil suim ar leith agat i gceol mar sin?
ReplyDeleteÓ is aoibhinn liom na McGarrigles, agus ceol, bhuel, 'mar sin'. Éist leis an tseoid seo uathu: http://www.youtube.com/watch?v=2Enc8KEzdYY
ReplyDelete'Sé mac le Kate McGarrigle é Rufus Wainwright.
Ó Mí ó My!
ReplyDeleteMaidir le Talk to me of Mendocino, tá leagan álainn le Liam Clancy agus Mary Black ar an albam seo, cé go mbeadh sé deacair leagan Anna agus Kate a shárú.
'Seoid' gan dabht atá san amhrán sin a mhol tú, a John. Is aoibhinn liom ceol mar sin.
Nil a fhios agam cén fáth nár oibrigh an nasc sin, a John, ach is é Wheels of Life le Liam Clancy an t-albam a bhí i gceist agam.
ReplyDeleteIs fiú éisteacht leis an leagan seo ar YouTube le “fíorscéal an amhráin” a choisteáil ó Rufus.
ReplyDelete;-)
GRMMA a Áine. D'aimsigh mé leagan Liam ar chartlann RTE Raidio 1, ar chlár "Satharn 28ú Nollaig" anseo:
ReplyDeletehttp://www.rte.ie/radio1/latedate/1243214.html
Meascán iontach ceoil ansin.
@ Dennis: Is léir go bhfuil dhá insint ar an scéal, agus gan dabht dhá leagan déag ar an amhrán!