18.10.10

Cósta na Mí? Goidte ag Google.

B'fhéidir go bhfuil duine as an Lú ar thaithí oibre i nGoogle? B'fhéidir gur baineadh díoltas as an Mí mar gheall ar an gcluiche conspóideach sin. B'fhéidir go bhfuil an t-athzónáil ag dul thar fóir? Cibé cúis, tá cósta na Mí imithe (de réir Googlemaps pé scéal é). Cé go raibh 7 míle idir an Lú agus Baile Átha Cliath tráth, tá teorann idir an dá chontae anois. Fáilte go Rásaí Laytown? Fáilte go dtí an Lú.

8 comments:

  1. Nach bhfuil áiteanna ann ar a dtugtar “the lost coast” i dtíortha eile? Fan go bhfeice mé... Sea, seo ceann díobh i gCalifornia.
    ;-)

    ReplyDelete
  2. Ah, cósta Mendocino. Faraor, níor scríobh Kate McGarrigle amhrán faoi Bhettystown!

    ReplyDelete
  3. Go raibh maith agat as an amhrán sin, Talk to Me of Mendocino a chur ar mo shúile - agus ar mo chluasa - dom! Níor chuala mé riamh é go dtí go ndeachagh mé chuig YouTube anois díreach. Go hálainn. An é an chaoi go bhfuil suim ar leith agat i gceol mar sin?

    ReplyDelete
  4. Ó is aoibhinn liom na McGarrigles, agus ceol, bhuel, 'mar sin'. Éist leis an tseoid seo uathu: http://www.youtube.com/watch?v=2Enc8KEzdYY

    'Sé mac le Kate McGarrigle é Rufus Wainwright.

    ReplyDelete
  5. Ó Mí ó My!

    Maidir le Talk to me of Mendocino, tá leagan álainn le Liam Clancy agus Mary Black ar an albam seo, cé go mbeadh sé deacair leagan Anna agus Kate a shárú.

    'Seoid' gan dabht atá san amhrán sin a mhol tú, a John. Is aoibhinn liom ceol mar sin.

    ReplyDelete
  6. Nil a fhios agam cén fáth nár oibrigh an nasc sin, a John, ach is é Wheels of Life le Liam Clancy an t-albam a bhí i gceist agam.

    ReplyDelete
  7. Is fiú éisteacht leis an leagan seo ar YouTube le “fíorscéal an amhráin” a choisteáil ó Rufus.
    ;-)

    ReplyDelete
  8. GRMMA a Áine. D'aimsigh mé leagan Liam ar chartlann RTE Raidio 1, ar chlár "Satharn 28ú Nollaig" anseo:
    http://www.rte.ie/radio1/latedate/1243214.html
    Meascán iontach ceoil ansin.

    @ Dennis: Is léir go bhfuil dhá insint ar an scéal, agus gan dabht dhá leagan déag ar an amhrán!

    ReplyDelete