29.6.10

Cnoic, Cnónna, Cufaí

Trí chuid den chultúr Breatnach anseo...

An tírdhreach: Thug mé cuairt ar na Brecon Beacons le gairid, áit álainn iarghúlta leathuair ón gcathair.
















An teanga: Focal eile dom' fhoclóir Gaeilge/Breatnais.

Cnau = Cnónna
















An greann: Tá an siopa seo an-ghar do IKEA. Is cosúil go bhfuil siad faoi bhrú! Dornaisc (nach deas é an focal sin?) saor in aisce le gach leaba.

23.6.10

Blas an tSamhraidh

*














OK, ní fógra seo, geallaim daoibh, ach caithim a rá libh cé chomh blasta is atá leann piorraí IKEA. Tá cónaí orm an-ghar do IKEA anseo i gCaerdydd agus chuaigh mé ann ag lorg cuirtín cithfholcaidh inné. Ach nuair a chonaic mé na cannaí sa siopa bia, ní rabhas in ann iad a sheachaint.

Mo léirmheas: Chomh blasta le Kopparberg, ach ní chomh milis. Chomh sásúil le Magners, ach ní chomh costasach. Níl ach £1.09 ar channa. (Agus buíochas le Dia, ní gá duit é a chur le chéile tú féin!)

Déan dearmad ar throscán. Ar aghaidh libh go Baile Munna agus téigh díreadh i dtreo an leanna!

*Bígí cúramach. Sin é an ceann neamhalcólach sa phictiúr. Tá an ceann alcólach díreach cosúil leis ach le canna dubh.

21.6.10

Cé leis é?

Comhgairdeas le Graeme McDowell inniu agus an US Open buaite aige i bPebble Beach. Tá go leor scríofa faoi sna nuachtáin inniu, ar ndóigh, agus is sampla maith é do chonspóid an aitheantais i dTuaisceart Éireann.

Dar leis na meáin, 'sé Graeme an chéad Briotanach ó 1970 (The Guardian)...













...an tríú Éireannach (The Irish Times)




















...an chéad duine ó Thuaisceart Éireann ó 1947 (BBC TÉ)...













...nó an chéad Eorpach, fiú, le daichead bliain anuas (BBC Spórt) leis an gcomórtas a bhuachaint.


















Tá an ceart acu ar fad, is dócha. (Cé gur aisteach é "Briotanach" a ghlaoch air - tá cónaí air sa UK, ní sa Bhreatain). Braithfidh sé ar an lucht léimh.

Cibé rud a ghlaoitear air, áfach, is féidir linn ar fad bheith bródúil as!

18.6.10

Obama na hÉireann?

Paiseanta. Deaslabhartha. Dóchasach.

Is léir ó app an Irish Times gur é Enda Kenny Obama nua na hÉireann.

Níl mórán measa air sa Tuaisceart, áfach.

17.6.10

Cad é an Ghaeilge ar "bleurgh"?












Fanfaidh Enda Kenny ina cheannaire ar pháirtí Fhine Gael.

Tá focal uaim a chuirfidh mo mhothúcháin ar fad faoi in iúl daoibh.

16.6.10

An Séipéal Ioruach













Tá séipéal beag gleoite i gcuan Chaerdydd, a tógadh sa 19ú haois do lucht na hIorua sa chathair (is léir go raibh go leor acu ann, ag an am). Baistíodh an scríbhneoir Roald Dahl sa séipéal. Anois, tá caifé agus cultúrlann sa bhfoirgneamh, agus is aoibhinn liom dul ann ar laethanta breátha grianmhara.

Ar a leithéid de lá inniu, chonaic mé línte scríbhneoireachta ar bhalla os comhair an tséipéil, i dteangacha éagsúla. Seo daoibh na línte atá scríofa as Gaeilge/Gaidhlig.
















Sa sean-chló Gaelach:

Is aoibhinn sin 's is aoibhinn fairrge rua na ngairid faoilinn.

Agus, sa nua-chló Rómhánach

An ataireachd bhuan, cluinn fuaim na h-ataireachd aird
Tha torrunn a' chuain mar chualas leam 's mi 'nam phaisd

Is as amhrán Albanach an dara chuid. Ach níl an chéad líne, sa sean-chló Gaelach, le fáil ar Ghoogle.

14.6.10

Todhchaí na Beilge

Is léir go bhfuil fadhb mhór pholaitíochta sa Bheilg inniu. Roghnaíodh dhá pháirtí sa toghchán náisiúnta atá i gcoimhlint lena chéile: New Flemish Alliance sa tuaisceart, a éilíonn tuilleadh neamhspleáchais don lucht Pléimeannaise, agus na Socialistes sa deisceart, a ghealann tuilleadh infheistíochta a dhéanamh sa cheantar Fraincíse. Ní raibh an scoilt idir an dá phobal chomh soiléir riamh.

Dá scoiltfí, céard a tharlódh don tír?

Seo daoibh roinnt léirsceál ón mblag iontach Strange Maps a thugann freagraí don cheist...













a) Flanders neamhspleách agus an Bhruiséil leis, Wallonie neamhspleách.













b) Flanders neamhspleách, Wallonie neamhspleách, an Bhruiséil ina cathairstát-neamhspleách.














c) Flanders curtha leis an Ísiltír, Wallonie mar chuid den Fhrainc, an Bhruiséil ina cathairstát-neamhspleách agus príomhchathair na hEorpa, ar ndóigh.

B'fhéidir nach dtarlóidh a leithéid ar chor ar bith, ach taitníonn an saghas geo-buille-faoi-thuairim seo go mór liom.

10.6.10

Deepwater Horizon, Corcaigh

An bhfaca sibh an suíomh seo go fóill. Is féidir an doirteadh ola Deepwater Horizon a bhogadh go haon áit eile ar domhain chun comparáid a dhéanamh le do cheantar féin.














Mar shampla...

dá dtarlódh a leithéid de thubaiste i gcathair Chorcaí, bheadh leath na tíre cludaithe faoin tráth seo.

Agus an doirteadh fós ag fás, ar ndóigh.

9.6.10

An Caisleán Dearg

Nuair a smaoiním ar chaisleáin na Breataine, smaoiním ar pháláis gleoite Londain nó ar chaisleáin uaigneacha iargúlta na hAlbain. Ach tá roinnt do na cáisleán is fearr le fáil sa Bhreatain Bheag, agus trí cinn dóibh i gceantar Caerdydd.






Thug mé cuairt ar cheann acu le déanaí - Castell Coch - nó an Caisleán Dearg, atá suite i gcoill álainn sna gleannta i dtuaisceart na cathrach.











Feicim an ceann seo - Caisleán Caerdydd - ar an mbealach go dtí an ollscoil gach maidin. Tá sé suite i gcroílár na cathrach, trasna ó teach tábhairne Dempsey's! Is meascán de stíleanna difriúla ailtireachta é, cuid dhó ó ré na Rómhánach.








Agus 'sé Caisleán Caerphilly an caisleán is mó sa Bhreatain. Ní rabhas féin ann go fóill ach cloisim go bhfuil sé go hálainn lena mhóta domhain.





Ag caint faoi "mhóta domhain", 'sé "dwfn" an focal Breatnaise ar "domhain". Focal eile atá cosúil lenár bhfocal féin.

4.6.10

Droch-Daonáireamh

Tá figiúirí le fáil ó dhaonáireamh 1901 anois ar www.census.nationalarchives.ie. Is acmhainn iontach í, ar ndóigh. 

Ach chuir sé díomá orm inniu nuair a bhreathnaigh mé tríd. Tá fear, as an sráidbhaile céanna domsa, i ndaonáireamh 1911 atá 109 mbliana d'aois. Aois iontach suimiúl. Ach i ndaonáireamh 1901 níl ach 80 bliana air. 

Is léir go raibh botún déanta aige i 1911. Ah well...