7.1.11

Bonn Óir Sheáin Uí Riada le bronnadh anocht ar RnaG

Ná cailligí an comórtas seo beo ar RnaG anocht óna 7. Tá a fhios agam nach n-aontaíonn gach duine le comórtaisí mar seo, ach beidh scoth an cheoil le cloisteáil ann. 15 iomaitheoir óg, ó cheithre chearn an domhain. Le Martin Hayes, Seán Keane agus Liam O'Connor i mbun moltóireachta - Martin Hayes trí mheán an Skype agus é suite i Nua Eabhrac.

I measc na n-iomaitheoirí - mo chara Claire Egan, as Londain. Go n-éirí go binn léi.

3 comments:

  1. An bonn buaite ag Aoife Ní Bhriain as Baile Átha Cliath. Agus é tuilte go maith aici. Ard-chaigdeán ceoil óna hiomaitheoirí ar fad. Bhí cinneadh deacair le déanamh ag na moltóirí gan dabht.

    ReplyDelete
  2. An raibh Claire sásta lena hiarracht? Sin é an rud is tábhachtaí, ceapaim féin.

    Tabhair faoi deara, a John, an seoladh nua ag atá mo bhlag, ó tharla Mise Áine faoi ghlas ag Google, agus bheinn buíoch díot ach an seoladh a athrú go http://ramhaille.blogspot.com ar do liosta blaganna féin, mura miste leat. Sin, más rud gur mian leat mo rámhaillí a leanúint...:-)

    ReplyDelete
  3. Déanta agam. Fáilte ar ais, a chara.

    Bíonn Claire i gcónaí sásta ag seinnm na fidile. Bhí sé go hálainn na stíleanna difriúla ar fad a chloisteáil, agus an oiread sin scil ó cheoltóirí thar timpeall an domhain.

    ReplyDelete