20.1.11

Focal an Lae: Llong

Focail nua le chur le m'fhoclóir Gaeilge-Breatnais.

Melys - Milis
Bola - Bolg

Agus an ceann is fearr liom...

Llong - Long

Athraíonn an "L" dúbalta fuaim an fhocail, ar ndóigh. Cosúil leis an bhfocal "dall" sa Bhreatnais, a chiallaíonn, ach nach bhfuaimníonn, cosúil lenár "dall" féin. Ach i gcás "llong", tagann athrú ar thús an fhocail nuair a chuirtear roinnt réamhfhocal roimhe: "ar", a chiallaíonn "ar" sa Ghaeilge, ina measc.

Soooo, dá mbeifeá ag taisteal ó Éirinn "ar long" sa Ghaeilge, shroichfeá an Bhreatain Bheag "ar long" sa Bhreatnais!



Deirtear gur tháinig an focal seo óna Lochlannaigh ó dhúchas, cosúil le cuid mhaith focal a bhaineann leis an seoltóireacht. Glaoitear "longships" ar longa na Lochlannach sa Bhéarla, focal a chiallaíonn "shipships" nuair a smaoiníonn tú ar chúlra an fhocail!

Rud a chuireann Pendle Hill i Lancashire i gcuimhne dom. Ciallaíonn "pen" cnoc sa Bhreatnais, "dle" cnoc sa tSean-Bhéarla, agus "hill" cnoc sa Nua-Bhéarla, ar ndóigh. Dá bhrí sin, glaoitear Cnoccnoc Cnoc ar an gcnoc seo. Is glas é an Cnoccnoc cnoc i bhfad uainn.

11 comments:

  1. Conas a fhuaimnítear "llong"?
    "Clong"?

    Cnoccnoc Cnoc: is maith liom an t-athathluaiteachas... nó an dé-iomarcaíocht atá i gceist anseo?

    ReplyDelete
  2. Tá sanasaíocht eile agam a théann níos faide siar anseo.

    @ ormondo - Tá an fhuaim sin níos cosúile le 'hl'. Má éisteann tú le píosa Breatnaise ar YouTube - rud ar bith - cloisfidh tú é.

    ReplyDelete
  3. Mise freisin.

    Hmmm, tá sé cosúil le 'clong' ach níl 'C' garbh aige. I mo thuairimse, fuaimnítear an L-dúbalta cosúil le siosarnach cait. Déan iarracht "shhhh" a rá le do theanga ardaithe sa bhéal agat, agus beidh tú gar dó.

    ReplyDelete
  4. Sooo, is ón Laidin a tháinig sé. GRMA, a Dennis.

    ReplyDelete
  5. Fada an chiall atá le "lang" sna teangacha Gearmánacha.

    Tháinig focail ar bháid - bád ina measc ón na Lochlannaigh, ach ní shílim gur uathu a tháinig long.

    ReplyDelete
  6. Iontach suimiúil, a John.

    Thosaigh mé ag foghlaim Spáinnise an tseachtain seo, agus tá a fhuaim féin ag an 'l' dúbáilte sin sa teanga sin, chomh maith - 'Cómo te llamas?', mar shampla, agus is fuaim an 'y' Béarla atá ag an 'll' sin!

    Bhuel, sin é atá scríofa agam i mo nótaí, pé scéal é...:-)

    ReplyDelete
  7. Feicim gur éirigh leat caoi a chur ar na rámhaillí sin uaim..;-)

    ReplyDelete
  8. Chuir, faoi dheireadh. Bíonn fáilte i gcónaí roimh rámhailleoirí ar an mblag seo, a Áine.

    Tá cónaí orm le Spáinneach faoi láthair, agus diaidh ar ndiaidh táim ag foghlaim phrásaí uaidh. An phrása is fearr leis: "Con la comida, no se juega". Taitníonn bia deas simplí leis amháin.

    ReplyDelete
  9. Nílim cinnte, a Aonghuis. Itheann sé uachtar leis féin le spúnóg. Uachtar?!

    ReplyDelete
  10. ¿Porque no? A mi tambien le gusta.

    ReplyDelete