7.4.11

Bhfuil glasraí róchasta duit...?


Táim ar chúrsa in Ollscoil Bhirmingham an tseachtain seo... griangrafanna le teacht.

Ach idir an dá linn, seo fógra daoibh ó lóistín na hollscoile.

Acmhainn daoibhse atá míchompordach... míshásta... buartha... faoi ghlasraí.

Nílim cinnte faoin Hot Beef, Watercress and Fennel Salad. Feoil the agus sailéad? Euchhhh. Ach bainfidh mé triail as an tagine. (Níl mórán glasraí ann, bíodh fhios agat).

6 comments:

  1. Feoil the agus sailéad? Euchhhh.

    No, no, no! Tá yum nua / yam neua ag na Téalannaigh agus tá sé ar fheabhas! Séard atá ann ná leitís, cúcamar, trátaí, nam pla, spíosraí agus... mairteoil ghriollta. Blasta!

    Maidir le húsáid a bhaint as an "long and thin or short and stumpy” céard go díreach atá ar intinn ... oh, never mind!
    ;-)

    ReplyDelete
  2. Ná bac leis an bhfeoil the, agus bíodh 'hot goat's cheese salad' agat - go hálainn!

    @ 'céard go díreach atá ar intinn'

    'Whatever rockets your socks' nó 'soothes your sole' nó ' bakes your cake' nó 'melts your butter', b'fhéidir...:-)

    ReplyDelete
  3. Ha.

    Feoil the nó cáis the... ní hé nach dtaitníonn feoil nó cáis liom ach an tionchar atá acu ar an leitís lag lofa!

    "Yum nua" - ainm iontach. An chéad bhéile ar ár gclár "Blasta gan a bheith Casta", a Dennis.

    ReplyDelete
  4. an tionchar atá acu ar an leitís

    Is dócha nár bhlais tú “wilted spinach salad” ach oiread. *osna*

    Caith súil ar na hoidis seo, maith an fear.

    "Yum nua" - ainm iontach.

    Shíl mé go dtaitneodh an t-ainm leat ar a laghad!

    ReplyDelete
  5. Ó, bheinn breá sásta glacadh le 'wilted spinach', ach cuireann 'wilted lettuce' déistin orm. Is cuimhin liom béile a réitigh cara Síneach dom a bhí ag staidéar i mBÁC nuair a bhíos féin ann. Bhí mé ar bís le bia baile Síneach tradisiúnta a bhlaiseadh, sular thosaigh sé ag suaithfhriocadh leitís, trátaí agus cúcamar sa wok. :( Stir-fried salad a bhí ann, i ndáiríre.

    ReplyDelete
  6. Á bhuel, de gustibus non disputandum est, mar a dúirt an té a dúirt. Beatha duine a thoil.

    ReplyDelete