13.4.11

Má dhéanann tú rud amháin inniu...


...(roimh titim na hoíche san Albain), breathnaigh ar an webcam seo atá crochta go hard ar chrann ag an Scottish Wildlife Trust díreach in aice le nead choirnigh. Tá an coirneach í féin ina suí go foighneach ar a huibheacha (bhuel, bhí nuair a bhreathnaigh mise anuas uirthi) ag bogadh anois is arís chun slacht a chur ar a nead.

Ní gnáth-choirneach í Lady, bíodh fhios agat. Tugadh le fios go bhfuil 59 ubh beirthe aici ina saol.

Mo leithscéal faoin bpictiúr gránna. Tá Lady i bhfad níos áille ar an webcam.

5 comments:

  1. Chaith mé seal inniu ag breathnú uirthi agus ag rá léi, “C'mon darlin', breathnaigh ar an gceamara anois.” Mo cheol iad na coirnigh freisin!

    ReplyDelete
  2. Chaith mise i bhfad an iomarca ama ag stánadh uirthi inniu chomh maith. Thréig sí an nead ar feadh píosa, agus bhí orm fanacht go dtí go bhfeicfidh mé a filleadh. Is léir go bhfuil leadrán uirthi. Caitheann sí go leor ama ag cur snas ar a nead snasta! Cosúil le mo mham féin :)

    ReplyDelete
  3. Is léir go bhfuil leadrán uirthi.

    Cé a thógfadh uirthi é?

    Is maith liom an t-ainm Gaeilge atá orthu freisin: coirneach, .i. fear a bhfuil corann air. Tá sé sin cosúil leis an ainm atá againn ar an mbald eagle.

    ReplyDelete
  4. Tá sí féin, agus an ubh, fós ag déanamh go maith, feicim ón webcam - iontach!

    ReplyDelete
  5. Táim fós faoi dhraíocht aici.

    Ag filleadh ar an tseanfód amárach don tseachtain. Tá súil agam go mbeidh scéal eile le n-insint faoin madra uisce agam...

    ReplyDelete