1.4.11

Ceiliúradh? Cén ceiliúradh?


Ceiliúradh? Ach, tá sé ródheireanach don Nollaig...
...róluath don Chorn Domhanda Rugbaí...
...agus ní cheiliúrtar Lá na nAmadán. An gceiliúrann?

Ní amháin nach mbeidh mé páirteach sa dhaonáireamh Éireannach don chéad uair im' shaol :( ...
ní amháin go gcaillfidh mé cuairt Obama...
...ach caithfidh mé éisteacht leis an tseafóid ar fad faoi
bhainnis William agus Kate
go ceann míosa?

Creidim go bhfuil sé in am dom filleadh abhaile.

5 comments:

  1. Ceist OT agam ort, John: conas a chuir tú an grianghraf sa bhosca thuas a bhfuil ainm an bhlaig ann?

    ReplyDelete
  2. Téigh go "Design", agus ar an leathanach "Page Elements" brúigh ar "Edit" sa bhosca "Header". Tabharfaidh sé rogha duit pictiúr a chur isteach ann, agus an teideal a chur thairis. Muna oibríonn sé duit, abair liom é agus seolfaidh mé gabháil scáileáin chugat.

    ReplyDelete
  3. Comhbhrón...................mar gheall ar an leadrááááááááááááááán..............

    ReplyDelete
  4. GRMA, John, as é sin a mhíniú dom. Tá mé ag iarraidh blag nua a dhearadh.

    ReplyDelete