17.4.11

Bhfuil sibh réidh don chóisir...

Táimse réidh!


D'iarr mo mháthair orm inniu paraphernalia Liam agus Cháit a cheannach roimh filleadh abhaile amárach don Cháisc. De réir dealraimh, tá comharsan béal dorais dúinn chun cóisir a shocrú don bhainnis, ehm, ríoga ar an 29ú. Cóisir íorónach a bheidh ann, bíodh fhios agat. Is poblachtánaigh ceart muid fós.

So, idir an dá linn, bhí orm mugaí, bratacha agus naipcíní a cheannach. Agus beor Kiss Me Kate, a dhéanadh go speisialta don ócáid... 5%.

Is fada ón lá é a chaitheadh mo shin-seanathair i bhFrongoch ag na Black and Tans.

Romantic Ireland's dead and gone, it's with O'Leary in the grave...

2 comments:

  1. Níor luaigh tú na málaí urlacain. Ba cheart daoibh cuireadh a thabharit do Mhíshásta, an last romantic.

    ReplyDelete
  2. An lánúin bhocht...

    Bain sult as na saoire, a John!

    ReplyDelete