28.4.11

An Teach Solais is Sine ar Domhan*

Is minic a thugtar teidil áirithe ar fhoirgnimh chun aitheantas a thabhairt dóibh agus, gan amhras, turasóirí a mhealladh chucu. Is cuimhin liom, roimh theacht an Burj Khalifa i nDubai gur ghlaodh "an struchtúr saorsheasaimh is airde ar domhan" ar CN Tower Toronto, os rud é go raibh crann teilifíse níos airde dó i North Dakota ach a bhí ceangailte leis an talamh le sreanga leathana.



Is cuimhin liom, sa tír chéanna, cuairt a thabhairt ar Staid Oilimpeach Montreal ar 9/11 agus bhí an staid rothaíochta  - "an túr claonta is airde ar domhan" (13 úrlár ar airde) - dúnta, ar eagla go n-ionsódh Al-Qaeda é!


Mar a dúirt mé níos luaithe ar an mblag seo, is é túr cloig Ollscoil Bhirmingham an "túr cloig saorsheasaimh is airde sa Ríocht Aontaithe". 

Cheap mé i gcónaí gurb é Teach Solais Rinn Dúbháin an teach solais is sine ar domhan atá fós ag obair. Ach thugas faoi deara le déanaí go bhfuil an teideal sin athruithe beagáinín agus, de réir fógraí ar an suíomh, is é "an teach solais is sine ar domhan atá fós iomlán agus ag obair" - nó "the oldest intact operational lighthouse in the world" as Béarla. Tá rogha agus ord na bhfocal an-thábhachtach ar ndóigh. 


Dála an scéal, tá teach solais níos sine i nGalicia na Spáinne - Túr Hercules - atá fós ag obair, ach atá athruithe go mór, anuas na cianta, óna bhunstruchtúr. 


Cibé teideal a thugtar air, is aoibhinn an foirgneamh é. Go háirithe ar lá breá gréine.




4 comments:

  1. Sin agat an cleas margaíochta. Roghnú cúramach na bhfocail, agus fios acu nach léitear chomh cúramach iad. Ach áit ana dheas mar sin féin. Agus spéisiúil laistigh.

    ReplyDelete
  2. Nár léigh mé ar na mallaibh (.i. sa mhí seo caite ±) faoi áit ar ag gcósta sa Bhreatain Bheag nó i gCorn na Breataine a raibh rabhchán solais inti ón Iarannaois i leith?? Ach ní féidir liom mo lámh a leagan air anois!

    ReplyDelete
  3. @ 'cleas margaíochta' - sin é go baileach. Bíonn sé i bhfad níos fusa aird lucht an Lonely Planet a tharraingt ar fhoirgimh mar seo (cibé chomh casta débhríoch is atá an teideal, is léir).

    @ 'ní féidir liom mo lámh a leagan air' - mise ach oiread faraor.

    ReplyDelete
  4. @ 'Roghnú cúramach na bhfocail'

    Cleas atá in úsáid againn uilig, seans, ó am go chéile...:-)

    Blagmhír spéisiúil, a John - maith thú!

    ReplyDelete