10.4.11

Ollscoil Bhreá Bhirmingham

Bhí an t-ádh orm freastal ar chúrsa cúig-lá in Ollscoil Bhirmingham an tseachtain seo, agus cé nach gcloistear mórán faoin gcathair sin rómhinic - an dara chathair is mó sa Bhreatain - tá go leor le moladh san ollscoil.

Cuir i gcás, ailtireacht na tsean-fhoirgneamh. Seo é an "túr cloig saorsheasaimh is airde" sa Ríocht-Aontaithe, atá ina shainchomhartha mór i ndeisceart na cathrach faoi mar atá an CN Tower i dToronto nó an Tour Eiffel i bPáras...



...chomh maith leis an Halla Mór galánta, ina chraolaíodh ceann de dhíospóireachtaí na gceannairí le linn an olltoghcháin. Is cosúil go mbeidh scrúduithe ar siúl ann gan mhoill.



Tá dánlann ealaíne san ollscoil freisin, leis an mbailiúchán ealaíne is mó in aon ollscoil sa tír. Agus tá gairdín lusanna gleoite ar an suíomh - le garraí traidisiúnta Sasanach, garraí magairlíní, garraí cachtas, locha, agus sicíní a saoradh ó bhattery farm agus atá níos glaine agus sláintiúla ná mar a chonaic mé riamh. Bhí mé faoi dhraíocht ag an seod garraíodóireachta seo.

Na háiseanna ar fad sin, chomh maith le muintir cháirdiúla na cathrach agus a gcánúint ceolmhar. Ní fhéadfaí an áit a shárú.

4 comments:

  1. Mo cheol iad na sicíní, a itheann na feithidí!

    ReplyDelete
  2. @ sicíní a saoradh ó bhattery farm agus atá níos glaine agus sláintiúla ná mar a chonaic mé riamh

    Thaitin an bhlagmhír uilig liom, a John, agus tá an áit go hálainn, gan dabht, ach sí an líne thuas a chuir gliondar i mo chroí ar maidin...:-)

    ReplyDelete
  3. Faraor níor ghlac mé pictiúirí sa gharraí, ach tá na 'marthanóirí' le feiceáil anseo: http://www.flickr.com/photos/winterbournehg/5517149523/

    ReplyDelete