28.4.11

An Teach Solais is Sine ar Domhan*

Is minic a thugtar teidil áirithe ar fhoirgnimh chun aitheantas a thabhairt dóibh agus, gan amhras, turasóirí a mhealladh chucu. Is cuimhin liom, roimh theacht an Burj Khalifa i nDubai gur ghlaodh "an struchtúr saorsheasaimh is airde ar domhan" ar CN Tower Toronto, os rud é go raibh crann teilifíse níos airde dó i North Dakota ach a bhí ceangailte leis an talamh le sreanga leathana.



Is cuimhin liom, sa tír chéanna, cuairt a thabhairt ar Staid Oilimpeach Montreal ar 9/11 agus bhí an staid rothaíochta  - "an túr claonta is airde ar domhan" (13 úrlár ar airde) - dúnta, ar eagla go n-ionsódh Al-Qaeda é!


Mar a dúirt mé níos luaithe ar an mblag seo, is é túr cloig Ollscoil Bhirmingham an "túr cloig saorsheasaimh is airde sa Ríocht Aontaithe". 

Cheap mé i gcónaí gurb é Teach Solais Rinn Dúbháin an teach solais is sine ar domhan atá fós ag obair. Ach thugas faoi deara le déanaí go bhfuil an teideal sin athruithe beagáinín agus, de réir fógraí ar an suíomh, is é "an teach solais is sine ar domhan atá fós iomlán agus ag obair" - nó "the oldest intact operational lighthouse in the world" as Béarla. Tá rogha agus ord na bhfocal an-thábhachtach ar ndóigh. 


Dála an scéal, tá teach solais níos sine i nGalicia na Spáinne - Túr Hercules - atá fós ag obair, ach atá athruithe go mór, anuas na cianta, óna bhunstruchtúr. 


Cibé teideal a thugtar air, is aoibhinn an foirgneamh é. Go háirithe ar lá breá gréine.




17.4.11

Bhfuil sibh réidh don chóisir...

Táimse réidh!


D'iarr mo mháthair orm inniu paraphernalia Liam agus Cháit a cheannach roimh filleadh abhaile amárach don Cháisc. De réir dealraimh, tá comharsan béal dorais dúinn chun cóisir a shocrú don bhainnis, ehm, ríoga ar an 29ú. Cóisir íorónach a bheidh ann, bíodh fhios agat. Is poblachtánaigh ceart muid fós.

So, idir an dá linn, bhí orm mugaí, bratacha agus naipcíní a cheannach. Agus beor Kiss Me Kate, a dhéanadh go speisialta don ócáid... 5%.

Is fada ón lá é a chaitheadh mo shin-seanathair i bhFrongoch ag na Black and Tans.

Romantic Ireland's dead and gone, it's with O'Leary in the grave...

13.4.11

Má dhéanann tú rud amháin inniu...


...(roimh titim na hoíche san Albain), breathnaigh ar an webcam seo atá crochta go hard ar chrann ag an Scottish Wildlife Trust díreach in aice le nead choirnigh. Tá an coirneach í féin ina suí go foighneach ar a huibheacha (bhuel, bhí nuair a bhreathnaigh mise anuas uirthi) ag bogadh anois is arís chun slacht a chur ar a nead.

Ní gnáth-choirneach í Lady, bíodh fhios agat. Tugadh le fios go bhfuil 59 ubh beirthe aici ina saol.

Mo leithscéal faoin bpictiúr gránna. Tá Lady i bhfad níos áille ar an webcam.

12.4.11

Ollscoil Bhreá Chaerdydd

Agus níl ár n-ollscoil féin ródhona ach oiread, in ainneoin an easpa sicíní...



...fiú an rannóg eolaíochta.



Halla na Cathrach faoi bhláth tráthnóna inné.

10.4.11

Ollscoil Bhreá Bhirmingham

Bhí an t-ádh orm freastal ar chúrsa cúig-lá in Ollscoil Bhirmingham an tseachtain seo, agus cé nach gcloistear mórán faoin gcathair sin rómhinic - an dara chathair is mó sa Bhreatain - tá go leor le moladh san ollscoil.

Cuir i gcás, ailtireacht na tsean-fhoirgneamh. Seo é an "túr cloig saorsheasaimh is airde" sa Ríocht-Aontaithe, atá ina shainchomhartha mór i ndeisceart na cathrach faoi mar atá an CN Tower i dToronto nó an Tour Eiffel i bPáras...



...chomh maith leis an Halla Mór galánta, ina chraolaíodh ceann de dhíospóireachtaí na gceannairí le linn an olltoghcháin. Is cosúil go mbeidh scrúduithe ar siúl ann gan mhoill.



Tá dánlann ealaíne san ollscoil freisin, leis an mbailiúchán ealaíne is mó in aon ollscoil sa tír. Agus tá gairdín lusanna gleoite ar an suíomh - le garraí traidisiúnta Sasanach, garraí magairlíní, garraí cachtas, locha, agus sicíní a saoradh ó bhattery farm agus atá níos glaine agus sláintiúla ná mar a chonaic mé riamh. Bhí mé faoi dhraíocht ag an seod garraíodóireachta seo.

Na háiseanna ar fad sin, chomh maith le muintir cháirdiúla na cathrach agus a gcánúint ceolmhar. Ní fhéadfaí an áit a shárú.

7.4.11

Bhfuil glasraí róchasta duit...?


Táim ar chúrsa in Ollscoil Bhirmingham an tseachtain seo... griangrafanna le teacht.

Ach idir an dá linn, seo fógra daoibh ó lóistín na hollscoile.

Acmhainn daoibhse atá míchompordach... míshásta... buartha... faoi ghlasraí.

Nílim cinnte faoin Hot Beef, Watercress and Fennel Salad. Feoil the agus sailéad? Euchhhh. Ach bainfidh mé triail as an tagine. (Níl mórán glasraí ann, bíodh fhios agat).

1.4.11

Ceiliúradh? Cén ceiliúradh?


Ceiliúradh? Ach, tá sé ródheireanach don Nollaig...
...róluath don Chorn Domhanda Rugbaí...
...agus ní cheiliúrtar Lá na nAmadán. An gceiliúrann?

Ní amháin nach mbeidh mé páirteach sa dhaonáireamh Éireannach don chéad uair im' shaol :( ...
ní amháin go gcaillfidh mé cuairt Obama...
...ach caithfidh mé éisteacht leis an tseafóid ar fad faoi
bhainnis William agus Kate
go ceann míosa?

Creidim go bhfuil sé in am dom filleadh abhaile.

Réabhlóid in Éirinn?

Cheapas ó phríomhphictiúr Le Monde anocht go raibh réabhlóid ar siúl in Éirinn, faoi dheireadh, i gcoinne na mbaincéirí.


Is sa Côte d'Ivoire atá an t-aighneas, áfach. Is cosúil go mbeidh deireadh le ré Gbagbo go luath.