11.6.12

Bláth na Feola Lofa

Éire bhocht :(

Seo daoibh bláth, ahem, deas chun dea-ghiúmar a chur oraibh tar éis an tubaiste aréir. Cé gur cosúil nach mbeidh Corn na hEorpa againn i mbliana, is ar thuras go Corn na Breataine a chonaic mé é, i ngarraithe móra faoi-ghloine an Eden Project.



Is é Titan Arum an t-ainm atá ar an bplanda seo - an bláth is mó ar domhan, de réir dealraimh - nach mbíonn faoi bhláth ach amháin ar feadh 48 uair gach bliain. Ní amháin a thoirt a chuireann iontas ar chuairteoirí, ach an boladh láidir gránna - ar nós feoil lofa - a thagann uaidh chun feithidí a mhealladh chuig a phiotail mhóra chorcra. Táim sásta mar sin nach raibh mé ann ag am a bhlátha, a tharla Dé Céadaoin seo chaite.



Is iad na tithí gloine - nó bithóim - buaicphointí an Eden Project, ceann amháin a chruthaíonn aeráid na Meánmhara agus ceann eile le foraois bháistí ann. Is féidir dreapadh suas suas staighre - thar cinn na gcrann - go dtí ardán féachana chun radharc a fháil ar an ndufair ar fad. Ní fhéadfainn cur síos a dhéanamh ar an teas nó an bogthaise thuas ann... ach is fiú go mór an turas suas. Neamh ar thalamh atá ann - Éidin ceart i ndeisceart Shasana.

An staighre creathach
Thíos faoi chois
Thar cinn na gcrann

4 comments:

  1. Níor chuala mé iomrá riamh ar an mbláth sin, a John - iontach suimiúil, ach ní dóigh liom gur mhaith liom é a bheith i mo gharraí a'm!

    Maidir leis an gcluiche aréir, is binne mo bhéal ina thost..:-(

    ReplyDelete
  2. Táim díreach tar éis ainm an fhir óig sa bhfíseán sin a thabhairt faoi ndeara: David Diaper. Oiriúnach go leor mar sin do bhláth an bholaidh bhréin!

    ReplyDelete
  3. Zú do phlandaí? Is maith ann é.

    ReplyDelete
  4. Tá roinnt ainmhithe ann freisin, a Dennis. Éin trópaiceacha (nach féidir leo eitilt) agus laghairteanna chun smacht a choimeád ar na feithidí i mbithóm na foraoise báistí. Agus lonta dubha i mbithóm na Meánmhara. Sílim gur théaltaigh siad isteach áit éigin. Líonann na lonta an áit lena gceol binn.

    ReplyDelete