22.6.12

Ag bogadh ar aghaidh...

Cad a tharlaíonn don nua-theicneolaíocht nuair a éiríonn sé sean?!


Daoibhse a rugadh, ahem, i ndiaidh 1997... is iad VHSanna na boscaí móra truamhéalacha thuas. Ní i musaem a chonaic mé iad, ach ar bhord lasmuigh de leabharlann na hollscoile. Is cosúil go bhfuil siad "ag bogadh ar aghaidh" leis an teicneolaíocht (faoi dheireadh thiar thall) agus ag fáil réidh lena sean-fhíseáin ar fad.

Ní fhéadfá a rá gur scannáin chlaisiceacha iad na samplaí ar fad thuas. An raibh éileamh riamh ar Gone in 60 Seconds...ar VHS...ón leabharlann, meas tú?! 

Ní dóigh liom go bhfuil seinnteoir VCR ag mórán mac léinn sa lá atá inniu ann. Coinneoidh mé súil géar orthu sna laethanta beaga romhainn... go dtí go bhfeicfidh mé an bhfaighfidh siad baile nua.

4 comments:

  1. An cuimhin leatsa eight-track tapes? Floppy disks? Céard faoi pháipéar carbóin?

    ReplyDelete
  2. Is cumhin liom na floppy disks (tá corr-cheann againn fós sa tigh), agus an páipéar carbóin. Ach ní cuimhin liom na height-tracks, áfach. Táim i bhfad ró-óg dá leithéid sin ;)

    ReplyDelete
  3. má tá éinne amuigh ansin gur mhaith leo meaisín VHS, tá ceann sa phóirse s'againne ag fanacht ar ghabháil amach chuig an dump

    ReplyDelete
  4. GRMA, a Réaltáin. Faraor, tá Gone in 60 Seconds feicithe agam cheana féin. ;)

    Ach má tá 6 VHS uait sula ndumpáileann tú an VCR...

    ReplyDelete