27.6.12

Cartagrafaíocht shimplí

Is breá liomsa léarscáileanna agus, mo bhuíochas le The Guardian, d'aimsigh mé an suíomh idirlín Open Heat Map an tseachtain seo, a chuireann uirlisí cartagrafaíochta ar fáil saor in aisce. Is féidir léarscáileanna éagsúla a chruthú go huathoibríoch ar an suíomh sin. Ní gá ach comhad Excel a chruthú leis na sonraí ar fad curtha i liostaí ann ar bhealach atá sothuigthe ag an suíomh... agus voilá tagann léarscáil bhreá aníos ar do scáileán. Agus mé ag spraoi leis an suíomh inniu, chruthaigh mé an ceann seo thíos a léiríonn na contaetha in Éirinn leis an oiread is mó bratacha gorma dá dtránna agus muiríní geala. Is féidir cliceáil agus zúmáil ar na léarscáileanna thíos.



Nó an léarscáil domhanda thíos, a léiríonn líon na  n-iar-bhuaiteoirí i bhFéile na Rósanna Thrá Lí ó na tíortha éagsúla.



Faraor, ní aithníonn an suíomh na sé chontae éagsúla i dTuaisceart Éireann. Ach glacann sé le go leor teorainn eile... tíortha, stáit, toghlaigh, srl. (Liosta anseo). Bain triail as.

Leid daoibh... ní raibh orm ach an liosta seo a shábháil mar chomhad .csv in Excel agus é a uaslódáil ar an suíomh Open Heat Map chun léarscáil na mbratach gorm a chruthú.

Rank     ire_county     Value
1           mayo              13
1           kerry              13
1           donegal          13
2           cork                 9
3           clare                8
3           galway            8
4           wexford          6
5           dublin             5
6           wicklow         3
6           louth               3
6           waterford        3
7           sligo                2
8           westmeath       1

3 comments:

  1. Ana dheas
    Ach cá bhfuil an trá san Iarmhí?

    ReplyDelete
  2. Ceist mhaith, a Aonghuis!

    Is tránna agus muiríní atá i gceist. Mar sin is é Muirín Chill an Iúir, ar bhruach Loch Rí, an bratach gorm san Iarmhí.

    Tá dhá bhratach ghorma ar Loch Deirgeirt (Co. an Chláir) agus ceann amháin ar Loch Riach (Co. na Gaillimhe) chomh maith.

    ReplyDelete