21.6.12

Athbhreithniú ar Thoghlaigh na hÉireann

Ní minic a bhím ag trácht ar an bpolaitíocht anseo, ach foilsíodh tuarascáil ón gCoimisiún um Thoghlaigh inniu ina moladh líon na bpolaiteoirí a laghdú agus limistéir na dtoghcheantar a ath-tharraingt. Agus toisc go raibh léarscáil leis, tarraingíodh m'aird air...



Ar dtús tá sé molta acu go laghdófaí amach anseo an oiread Teachtaí Dála - ó 166 inniu go 158 amach anseo. Tá alt sa Bhunreacht a chuireann cosc ar an méad TDanna atá ann: ba chóir, de réir an Bhunreachta, go mbeadh aon TD amháin do gach 20,000-30,000 duine. Agus daonra na tíre ag fás i gcónaí cuireadh srian ar chumhacht an choimisiúin líon na dTDanna a laghdú. Chun comparáid a dhéanamh idir tíortha eile a bhfuil ar chomh-dhaonra linne, tá 179 in Folketing na Danmhairge, agus 120 i Rialtas na Nua-Shéalainne. Níl ach aon teach amháin oireachtais sna tíortha sin, áfach, agus lenár 60 seanadóir curtha san áireamh, seo thíos mar a bheadh oiread na bpolaiteoirí sa trí thír...

Éire (daonra 4.5m) - polaiteoirí náisiúnta 218
Danmharg (daonra 5.6m) - polaiteoirí náisiúnta 179
Nua-Shéalainn (daonra 4.4m) - polaiteoirí náisiúnta 120

Is léir nach bhfuil rialtais laga sa Danmharg ná sa Nua-Shéalainn, nach bhfuil siad ag fulaingt de dheasca easpa polaiteoirí!

I mo thuairimse, tá i bhfad an iomarca TDanna againn. Ar ndóigh, cruthófar raic mar gheall ar ath-tharraingt na dtoghcheantar i measc na bpolaiteoirí. Go háirithe na cásanna sin ina ngearrfar suas contaetha ina dtoghcheantair éagsúla. Ach ní dóigh liom go mbeadh fadhb ar bith ag gnáth-phobal na hÉireann a n-uimhreacha a laghdú i bhfad níos déine ná mar atá beartaithe ag an gCoimisiún. Má tá siad sásta an Bunreacht a athrú i reifreann chun fáil réidh leis an Seanad (polasaí a bhfuil mé i bhfábhar leis), cén fáth nach ndéantar an rud céanna leis an alt a bhainean le méad na dTDanna?

5 comments:

  1. Ní hé líon na TDanna an fhadhb, ach laige an reachtas de bharr córas na fuipeanna.

    Fágann sin nach Teachtaí Dála atá againn ach Teachtairí Dála! Ní bhíonn ar bun acu ach cur ceisteanna neafaiseacha faoi pinsean Jó agus sráid Mháire.

    De bharr na n-athraithe seo áfach éireoidh an cheist níos measa mar beidh níos lú TDanna ann ó lasmuigh de chiorcal órga an Rialtas.

    ReplyDelete
  2. Ar ndóigh, tá go leor fadbhanna leis an gcóras atá ann faoi láthair, a Aonghuis. Go háirithe an brú a bhíonn ar TDanna plé le mion-fhadbhanna a vótálaithe áitiúla. Agus aontaím leat go bhfuil cumhacht na fuipeanna i bhfad róláidir. Ach ní bhaineann na fadhbanna sin le líon na bpolaiteoirí. D'fhéadfá 200 TD a chur sa Dáil agus bheadh na fadhbanna céanna ann gan an córas a athrú óna bhun. Is céim bheag chun tosaigh an laghdú seo (cé nár céim mhór go leor í i mo thuairimse). Ach níl ann ach céim amháin ar bhóthar fada an leasaithe... tá súil agam...cé nach bhfuilim ródhóchasach faoi...

    ReplyDelete
  3. Céim siar atá ann, dar liom, mar go bhfuil líon na toghcheantar 3 suíochán - a oibríonn chun leasa na páirtithe móra - ardaithe.

    Sa mhéid agus go bhfuil tionchar ag an reachtas faoi láthair, is de bharr an ardán atá ag neamhspléaigh & mionpháirtithe é. Iadsan a cheistíonn tuiscint an Rialtas; eascraíonn feabhas as sin uaireanta.

    ReplyDelete
  4. Hmmmm... nílim cinnte faoin gcéad tuairim ansin, a Aonghuis. Toghadh go leor neamhspleáigh agus ionadaí de SF sna toghlaigh is lú sa tír anuraidh. Mar shampla, beirt neamhspleách i gCiarraí Theas (3 shuíochán), beirt SF agus neamhspleách sa dá thoghlach 3-shuíochán i nDnaG.

    Tháinig na neamhspleáigh Finnian McGrath, Ming Flanagan, Michael Lowry, Mattie McGrath agus Séamus Healy, agus na TDanna SF Dessie Ellis, Michael Colreavy agus Martin Ferris ó thoghlaigh 3-suíochán freisin.

    (Tá a fhios agam go bhfuil nasc láidir ag ML, MMcG agus Jackie Healy-Rae le páirtithe móra.)

    ReplyDelete
  5. @ cruthófar raic mar gheall ar ath-tharraingt na dtoghcheantar i measc na bpolaiteoirí.

    Raic sa bhreis romhainn, mar sin..:-)

    ReplyDelete