Alt spéisiúil in Le Monde inniu faoi dearthóir Portaingéaleach atá tar éis córas de shiombail éagsúla a chruthú chun cur síos a dhéanamh ar dathanna do dhaoine dathdhalla. De réir an ailt, ní féidir le idir 8-10% d'fhir idirdhealú a dhéanamh idir na dathanna dearg agus glas - fadhb a ghlaotar
daltonism air
sa Bhéarla.
Sa chóras nua seo, úsáidtear línte agus triantáin chun siombail shainiúla a chruthú a léiríonn réimse leathan de dhathanna éagsúla. Úsáidfidh siad na siombail amach anseo ar léarscáileanna den
metro in Lisbon, ar na bráisléid a chaitheann othair san ospidéal, ar ábhair ealaíne sna scoileanna... aon áit ina gcabhróidh na siombail seo le roghanna agus neamhspleáchas na ndaoine dathdhalla.
|
Na siombail nua ar mhapa metro |
Agus chun an córas nua a chur in iúl do ghnáth-mhuintir na Portaingéile, tá feachtas ar bun ag an gcóras poist sa tír a thaispeánann cuid de na siombail nua ar réimse nua stampaí. Nach maith an smaoineamh sin.
Smaoineamh maith. Ach an oibríonn sé - shíl mé nach féidir le daoine dathdhalla an difear idir an dá lí a fheiceáil, agus ní fheicim go bhfuil na siombail gach áit ar an léarscáil thuas?
ReplyDeleteTá mé féin dathdhall. Is féidir leis an gcuid is mó againn idirdhealú a dhéanamh ar uaine agus dearg má tá siad sach geal agus má tá paiste sách mór den dath ann. Ach má tá caora dearga i measc na nduilleog glas, ní fheicfidh mé iad ar dtús. Agus má tá léarscáil ann a bhfuil glas, liathghlas, dearg, liathdhearg, agus liath uirthi, téann sé rite liom iad a idirdhealú.
ReplyDeleteAr chuala tú faoin gcóras nua thuas, a Dennis? Meas tú, an gcabhródh sé leat?
ReplyDelete@Aonghus: Tá ceangal á dheanamh sa léarscáil idir na línte A, B, C... agus na siombail. De réir mar a thuigimse, beidh na siombail sin curtha ar chomharthaí eile i stáisiúin, ar ardáin, srl, ar fud an chóras metro, a threoróidh timpeall an córas iad.
Tá sampla eile san alt sin, faoina línte sin a mbíonn ar úrláir in ospidéil chun othair agus cuairteoirí a threorú timpeall na bardaí ar fad. Beidh na siombail thuas curtha ar na línte sin freisin, gach 5m nó mar sin, amach anseo.
Séard a chabhraíonn liom ná léarscáileanna agus grafanna a bhfuil patrúin in áit dathanna orthu.
ReplyDeleteTuigim go gcabhraíonn patrúin, a Dennis, ach d'fhéadfadh le dearthóirí difriúla patrúin difriúla a úsáid in áiteanna difriúla. Is dócha gur iarracht é seo córas a chruthú a bheadh úsáidte agus sothuigthe ag gach duine - aon siombal amháin do gach dath i ngach comhthéacs.
ReplyDelete