14.6.12

An focal is fearr sa Bhéarla...

...is ón mBreatnais atá sé!

Ní fhaca mé an t-alt seo sa Guardian go dtí seo, alt ina gcruthaíodh liosta do na focail is áille sa Bhéarla.

De réir dealraimh (agus an iriseora) is é an focal is fearr sa Bhéarla ná:

cwtch

...focal a chiallaíonn 'barróg' sa Bhreatnais (agus sa Bhéarla, dála an scéil, cé nár chuala mé féin riamh é).


Hmmmm... nílim cinnte. An focal is fearr sa Bhéarla? DAS, is é an teach tábhairne Bar Cwtch (thuas) an tábhairne is fearr i gcuan Chaerdydd. Gan amhras.

Na focail eile sa liosta...?

...kecks...beetroot...rococo...balalaika.

Is léir gur fearr leis an iriseoir teangacha eachtracha!




1 comment:

  1. Bhuel, cé gur maith liom an focal 'barróg', a John, níl mórán suime agam sna focail eile sin ag Harriet - ach, luaigh sí liosta Robert Beard ina halt, agus ní raibh a fhios agam, go dtí anois, gur ailurophile mise! Agus tá sé ar an liosta den na focail is áille, rud nach gcuireann iontas ar bith ar an mbean seo, ná ar Sióg..:-)

    ReplyDelete