2.9.12

Droch-chló, dea-chló

Gan dabht ar bith tá córas slándála Blogger.com ag éirí níos doiléire de réir a chéile. Seo thíos an focal agus an 'uimhir' a bhí le scríobh agam agus mé ag trácht ar an mhír is déanaí ar bhlag Áine.


Agus mé ag caint faoi théacs ar shuíomhanna gréasáin, taitníonn an clóscríobh a úsáidtear i gceannlínte Le Monde. Nach deas an bealach ina scríobhtar an cheannlitir Q.


2 comments:

  1. Feictear dom go bhfuil an 'córas slándála' sin ag dul i ndonacht, a John, i.e. ag fáil níos deacra iad a léamh, fiú nuair a bhíonn uimhir le feiceáil!

    ReplyDelete
  2. Tá. Deirtear gur fearr Gaeilge bhriste ná Béarla cliste. Is léir go bhfuil an Béarla briste níos measa fós!

    Caithfimid streachailt leis ar ndóigh. Ná bíodh drochfhocal eadrainn... ;)

    ReplyDelete