31.8.12

Níl ann ach uimhir

Féach ar an bhfíseán álainn seo a taifeadadh san Ísiltír, inar chuir an ceamaradóir an cheist "Cén aois thú?" ar chéad duine ar shráideanna (agus i dtithe altranais) Amsterdam. Tá na daoine curtha in eagar - óna haon go dtí céad bliain d'aois. Ní hamháin go n-insíonn sé scéal an tsaoil ach is bealach an-mhaith é na huimhreacha Ollainnise a fhoghlaim! Is breá liom an bhean dheireanach a ghlaonn a haois amach go hard soiléir bródúil: "Honderd!" 


2 comments:

  1. Go deas.

    Cé nach ann ach uimhir duitse is léir don fhear a deir "vijf en vijftig" (1:15) gur rún tromchúiseach truamhéileach é atá á scaoileadh aigesean!

    ReplyDelete
  2. ASG! An ceart agat.

    An rud a chuir isteach ormsa ná gur tháinig cuma an-sean agus an-mhíshásta ar na daoine chomh is luath is a shroich sé 30 - .i. ar chomhaois liomsa. Páistí gealgháireacha, déagóirí breátha, ficheadóirí sásta, agus tríochadóirí gruama gránna!

    ReplyDelete