á sé curtha ar an mblag seo cheana féin anseo agus anseo - an droichead breá ársa sa bhaile a théann idir mo theach agus an sráidbhaile áitiúil. Ach is oth liom a rá gur thit cuid (mhór) de bhalla an droichid isteach sa bhfarraige inné tar éis duartan báistí agus gaoithe láidre. Agus deirtear go bhfuil cuid eile dó fós i mbaol titim. Faoi mar a bhfeicfidh sibh thíos tá an comhairle chontae ag obair ar an mballa a shábháil anois. Faraor, is cosúil go bhfuil an milleán ar an gcomhairle céanna agus a gconraitheoirí.Tá neamhaird tugtha don droichead leis na blianta anuas, tá an méid sin soiléir. Breathnaigh ar an eidhneán atá ag fás go tiubh air, tá fadhbanna le fada an lá le pumpa uisce briste i lár an droichid, agus tá na tacaí ar dhá thaobh an áirse creimthe go dona. Ach baineann an damáiste a tharla inné le hobair a déanadh ar bhóthar an droichid mí ó shin agus an chaoi ina bhfágadh é. Cuireadh píopaí nua uisce isteach faoin bhféar taobh istigh den bhalla thíos, agus fágadh an talamh lag agus gan chosaint ina ndiaidh. D'éirigh an talamh trom agus bog i ndiaidh na báistí agus thit an balla. Bhí 'oifigeach caomhnaithe' ar an suíomh inné. Róbheag, ródhéanach, ar ndóigh.
Ní haon iontas go bhfuil muintir an tsráidbhaile trína chéile faoi seo, agus feargach mar gheall air. Droichead atá ag nascadh an dá pharóiste le beagnach 200 bliain (195 bliain le bheith cruinn) ag titim as a chéile. Táthar ag caint anois faoin droichead a dhúnadh ar feadh tréimhse. Sa chás sin, ní bheadh John bocht in ann dul go dtí an teach tábhairne áitiúil 500 slat thar an droichead um Nollag.
![]() |
| Ag leagan cuid den bhalla ar an taobh eile, creid é nó ná creid, chun an t-uisce breise a scaoileadh uaidh. |
![]() |
| Obair chonraitheoirí an chomhairle mí ó shin lena bpíopaí nua uisce. |





s fiú go mór an bailiúchán grianghrafanna 

haith mé trí lá i dtuaisceart na Breataine Bige le déanaí, ar thuras álainn timpeall an cheantair a bhfuil an oiread sin cloiste agam faoi. Ar an mbealach ó thuaidh Dé hAoine thit an ceo go tiubh anuas orainn agus muid ag trasnú an M4 - an mótarbhealach a théann timpeall Caerdydd agus a chuireann teorann teoiriciúil ar an gcathair - agus ní rabhas in ann mórán den tírdhreach a fheiscint. Ach lé héirí gréine maidin Dé Sathairn nochtadh na sléibhte, portaigh agus lochanna dúinn, maisithe go geal i ndathanna an fhómhair.





eist agam oraibh a chairde... ar cheannaigh éinne daoibh an Irish Times inniu (Dé Céadaoin)? An raibh leathanach Gaeilge ann?
eidh mé ag bogadh siar abhaile i gceann seachtaine, agus ag fágáil Caerdydd tar éis dom dhá bhliain go leith a chaitheamh ann. Tuilleadh faoi sin le teacht. Ach idir an dá linn, tharraing cara liom m'aird anocht ar an dán seo thíos le Bernard O'Donoghue - dán faoina smaointe féin agus é ag tiomáint tríd an Bhreatain Bheag agus ag filleadh i dtreo na hÉireann. Chuaigh sé go mór i bhfeidhm orm anocht agus mé ag ullmhú don turas siar. Go háirithe agus mé tar éis deireadh seachtaine a chaitheamh i dtuaisceart na tíre seo - ceantar atá ceithre huaire go leith ach na mílte míle ón bpríomhchathair - áit dhiamhair fhiáin - ar an imeall ach lárnach, dar liomsa, idir Éire agus an Albain.
eans maith nár léigh sibh an scéal seo, ach 




aoibhse a bhíonn ag iarraidh snas deas a chur ar bhur mblaganna, d'aimsigh mé an suíomh
uirtear boscaí beaga (nó frámaí) timpeall íomhánna ar roinnt blaganna. Daoibhse (cosúil liomsa) atá ag baint úsáid as Blogger.com, beidh oraibh athrú beag a dhéanamh do dhearadh do bhlag chun na boscaí sin a bhaint uathu. Caith súil ar an 
