Ach an rud is spéisiúla faoin athrú seo, dúinne a bhíonn ag plé scéalta agus nuachta as Gaeilge, ná go mbeidh leathanach iomlán Gaeilge san IT gach Céadaoin as seo amach. Seo mar a chuirtear síos air sa pháipéar inniu:
Irish language coverage is being expanded, with more news, interviews and features written by our correspondents, and featuring in its own standalone page on Wednesdays.
Fianaise go bhfuil an t-éileamh ar scríbhneoireacht Gaeilge ag fás? Nó iarracht shiniciúil dul san iomaíocht le Foinse - a bhíonn le fáil, Dé Céadaoin freisin, leis an Irish Independent?
Beidh le feiceáil an bhfuil níos mó Gaeilge ann dáiríre. Tá deireadh á chuir leis na colúin ar an Máirt agus an Déardaoin, nó le bheith cruinn tá siad ag bogadh go dtí an Céadaoin. (Lá a fhoilsítear Gaelscéal freisin, dála an scéil)
ReplyDeleteNílim tógtha leis an smaoineamh. Taitníonn an píosa gach lá liom; b'fhearr liom dá gcuirfí alt ar an Luain agus Aoine leis (ach ní mór dom a admháil gur ar líne a léim na hailt - is fada ó cheannaigh mé nuachtán ar bith, ceal deis é a léamh i gceart)
Aha, nach trua é sin, a Aonghuis. Cheapas gur infheistíocht bhreise sa teanga a bhí ann, seachas a bheith ag bogadh altanna timpeall.
ReplyDeleteBíonn 'fáth' le gach rud a déantar sna méain, feictear dom, a John..:-)
ReplyDeleteCheannaigh mé an IT ar maidin, agus caithim a rá go dtaitníonn an t-athdhearadh liom. Beagáinín cosúil leis an Guardian - níos caoile agus tuilleadh dathanna agus pictiúirí. Níos 'glaine', faoi mar a déarfadh na dearthóirí.
ReplyDelete