2.11.12

Túslitir mhaith, leath na hoibre

D aoibhse a bhíonn ag iarraidh snas deas a chur ar bhur mblaganna, d'aimsigh mé an suíomh Daily Drop Cap le déanaí a chuireann túslitreacha ildaite ar fáil do bhlagadóirí saor in aisce. Tá siad cumtha ag bean darbh ainm Jessica Hische atá ina dearthóir gréasáin. Cuireann sí ceann nua ar fáil ar an suíomh go rialta, agus ag deireadh an togra beidh dhá leagan déag de gach litir le fáil ann, dar le Jessica. Mar sin bígí ag amharc 's ag goid ó shuíomh Jessica. Ní gá ach an cód a chaitheamh isteach sa leagan HTML de do mhír agus an t-íomhá a chur ar chlé (sa chóras Blogger).

C uirtear boscaí beaga (nó frámaí) timpeall íomhánna ar roinnt blaganna. Daoibhse (cosúil liomsa) atá ag baint úsáid as Blogger.com, beidh oraibh athrú beag a dhéanamh do dhearadh do bhlag chun na boscaí sin a bhaint uathu. Caith súil ar an suíomh seo, agus lean na treoracha ann (nod libh, tá an "comhéadan nua" á úsáid agamsa). DAS, cheapas go dtaitneodh an C seo ar chlé le cuid agaibh.

6 comments:

  1. Go deas!

    (Ach faigh réidh leis an CAPTCHA ldt!)

    ReplyDelete
  2. An-deas! Tabharfaidh mé cuairt ar a suíomh anois díreach! GRMA!

    ReplyDelete
  3. Is maith liom é! Go raibh maith agat, a John. Breathnóidh mé ar an suíomh sin ar ball beag..:-)

    ReplyDelete