...gan chrann.
An cuimhin libh
an crann piorra álainn a bhí ar chúl mo thí? Bhuel, gan rabhadh ar bith, leagadh é - agus an balla taobh thiar dó - an tseachtain seo chaite... :(
 |
Roimh an scriosta... |
 |
...agus ina dhiaidh. |
Ar son na 'forbartha' a déanadh an díobháil, bíodh a fhios agaibh. Tá foireann tógála ag obair anois ar an mbearna idir cúl an tí agus an chaolsráid taobh thiar dúinn a líonadh leis na 'tithe' is caoile cúinge sprionlaithe dá bheicfeá riamh. Anois, ní
NIMBY mé - ach tá siad chun 'teach' a fháisceadh isteach sa bhearna idir stumpa an chrainn bhoicht agus an
cement mixer sin taobh thiar dó?! In ainm Dé, cé a mhairfeadh ansin? Agus, pé scéal é, ní raibh gá leis an gcrann a leagadh ar chor ar bith, ach ar mhaithe leis an simplíocht agus an leisciúileacht a déanadh é.
Buíochas le Dia, ní bheidh mé ag breathnú amach orthu i bhfad amach anseo, ach tuilleadh faoi sin am éigin eile...
*osna* Ach tá sé ar intinn agat bogadh, an ea? Beidh an tógáil a bheas ar siúl ansin sách callánach freisin, gan dabht.
ReplyDeleteBeidh mé ag bogadh go luath, ceart go leor, a Dennis. Amach as Caerdydd. Ach scríobhfaidh mé mír faoi sin go luath.
ReplyDelete