21.11.12

Gaeilge san IT

Ceist agam oraibh a chairde... ar cheannaigh éinne daoibh an Irish Times inniu (Dé Céadaoin)? An raibh leathanach Gaeilge ann? Faoi mar a scríobh mé coicís ó shin, déanadh athdhearadh ar an nuachtán le déanaí agus gealladh dúinn go mbeadh tuilleadh Gaeilge ann as seo amach, ar leathanach ar leith in eagrán na Céadaoine. Ach níl sé le feiceáil sa chóip 'idirnáisiúnta' a cheannaigh mé ar maidin. Tá 18 leathanach sa phríomh-nuachtán atá agamsa, agus 18 leathanach eile sa fo-nuachtán breise Business+Property/Sports ach gan fiú is alt Gaeilge orthu.

Tá a fhios agam go mbíonn difríochtaí idir an leagan Éireannach agus idirnáisiúnta, ach cheapas go mbeadh an leathanach Gaeilge ann, toisc nach mbíonn sé dírithe ar an nuacht is déanaí agus, mar sin, go mbíonn sé ullmhaithe i bhfad roimh an sprioc.

Tuairimí ag éinne?


5 comments:

  1. Ní cheannaím nuachtán níos mó, ach tá ábhar nua ar an suíomh acu.

    http://www.irishtimes.com/newspaper/ireland/2012/1121/1224326886330.html (& féach na naisc faoi "In this section")

    ReplyDelete
  2. Hmmmm... is cosúil gur shocraigh siad gan an leathanach Gaeilge a chur sa leagan idirnáisiúnta. Is trua é sin. Agus is léir freisin ón leathanach idirlín sin nach bhfuil ábhair bhreise curtha leis an leathanach Gaeilge, ach na sean-mhíreanna seachtainiúla a chur a bhailigh le chéile ar aon lá amháin. Caithfidh mé tuilleadh fiosrúcháin a dhéanamh ar an bpáipéar Éireannach nuair a bheidh mé sa bhaile.

    ReplyDelete
  3. Agus “Jesuits seek Gaeilgeoir” FÓS ar an leathanach Treibh ar mo scáileán!

    ReplyDelete
  4. Agus beidh. Nasc atá ansin le blag Bhéarla Pól Ó Muirí faoi ceisteanna Gaeilge. Is fíor annamh go scríobhann sé rud nua ann.

    ReplyDelete
  5. Is fiú a rá leo an leathanach sin a chur leis an leagan idirnáisiúnta!

    ReplyDelete