s fiú go mór an bailiúchán grianghrafanna
seo ó
The Guardian a fheiceáil agus a léamh. 'Séard atá ann ná na "tithe
tábhairne tairne" atá le fáil sa tSín, sna cathracha sin ina bhfuil forbairt mhór thapaidh ag tarlú. Glaoitear "teach tairne" ar na tithe sin a mhaireann - mar gheall ar agóidí a n-úinéirí - nuair a leagtar gach aon fhoirgneamh eile timpeall orthu. Tithe
tairne toisc go ngobann siad amach ar nós tairní nach féidir a chur faoin gcasúr. Ar ndóigh, is bailte iad fós do na daoine crógacha/cantalacha a throideann in aghaidh na forbartha.
Bheadh trua agat do na daoine bochta sin, ach sin mar atá an saol anois, feictear dom. Dul chun cinn, deirtear...
ReplyDelete