22.11.12

Radharc ón Tuaisceart

Chaith mé trí lá i dtuaisceart na Breataine Bige le déanaí, ar thuras álainn timpeall an cheantair a bhfuil an oiread sin cloiste agam faoi. Ar an mbealach ó thuaidh Dé hAoine thit an ceo go tiubh anuas orainn agus muid ag trasnú an M4 - an mótarbhealach a théann timpeall Caerdydd agus a chuireann teorann teoiriciúil ar an gcathair - agus ní rabhas in ann mórán den tírdhreach a fheiscint. Ach lé héirí gréine maidin Dé Sathairn nochtadh na sléibhte, portaigh agus lochanna dúinn, maisithe go geal i ndathanna an fhómhair.

Caisleán Chonwy agus príomhshráid an tseanbhaile
Is ceann scríbe den scoth é don té a bhfuil dúil acu sa stair, sa nádúr, sa dreapadóireacht, agus sa chultúr Ceilteach (cloistear an Bhreatnais i ngach áit idir óg is aosta). Tá caisleán ard bagrach i ngach baile - ní fhéadfá caisleán agus ballaí Chonwy a shárú mar shuíomh turasóireachta, cé go ndeireann mo chairde Breatnacha liom gur siombal de cheannsmacht Shasana é. Ar an ábhar sin, thugas cuairt ar an sráidbhaile beag Frongoch, a raibh dhá príosúin ann do chimí Éireannacha le linn Éirí Amach na Cásca. Níl mórán ann sa lá atá inniu ann - leagadh na sean-phríosúin - ach tá leacht cuimhneacháin le feiceáil ar thaobh an bhóthair ag déanamh tagairt dá scéal. Deirtear go raibh mo shin-seanathair i ngéibheann ansin, agus cheannaigh mé leabhar faoin áit sa siopa áitiúil chun tuilleadh fiosrúcháin a dhéanamh air.

Baile beag Beddgelert
Ní chloistear mórán faoin mBreatain Bheag mar cheann scríbe saoire - seachas, b'fhéidir, i gcomhair chluiche rugbaí - agus is mór an trua é. Má tá fonn oraibh dul ann, tá dhá nod agam daoibh maidir leis an mbia: caifé BaaMooOinc i mBeaumaris ar Ynys Mon/Anglesey agus Lyn's Café i mBeddgelert. Foirfe i ndiaidh lá fada spaisteoireachta!

Thuas ar thúr an chaisléain

Yr Wyddfa, nó Snowdon

Sléibhte scláta Snowdonia

Marwdy (marbh + tigh = marbhlann) an mhianaigh sclátaí

4 comments:

  1. An-deas, a John, go raibh maith agat.

    @ chun tuilleadh fiosrúcháin a dhéanamh air.

    An bhfuair tú aon cheo eile amach faoi do shin-seanathair?

    ReplyDelete
  2. Ní dhearna go fóill, a Áine. Caithfidh mé stair an phríosúin a thuiscint ar dtús, agus ansin tosnóidh mé ag cuardach eolais faoi. Faraor, fuair mo sheanmháthair - a iníon - bás dhá bhliain ó shin. Ní dóigh liom go raibh sé páirteach in Éirí Amach na Cásca go díreach, ach gabhadh é i Loch Garman ag agóid na Black and Tans. Nílim cinnte go fóill cad go díreach a rinne sé.

    ReplyDelete
  3. Is iomaí uair a thíomáin mé tríd an mBreatain Bheag agus is tír álainn í.

    Tá súil agam go bhfaigheann tú a thuilleadh amach faoi do shin-seanathair mar éiríonn rudaí mar sin níos tábhachtaí nuair a théann tú in aois.

    ReplyDelete
  4. Éiríonn gan amhras, agus anois nuair a mhothaím go bhfuil nasc agam féin leis an mBB, tá sé níos tábhachtaí fós dom.

    ReplyDelete