Comhgairdeas le Graeme McDowell inniu agus an US Open buaite aige i bPebble Beach. Tá go leor scríofa faoi sna nuachtáin inniu, ar ndóigh, agus is sampla maith é do chonspóid an aitheantais i dTuaisceart Éireann.
Dar leis na meáin, 'sé Graeme an chéad Briotanach ó 1970 (The Guardian)...
...an tríú Éireannach (The Irish Times)
...an chéad duine ó Thuaisceart Éireann ó 1947 (BBC TÉ)...
...nó an chéad Eorpach, fiú, le daichead bliain anuas (BBC Spórt) leis an gcomórtas a bhuachaint.
Tá an ceart acu ar fad, is dócha. (Cé gur aisteach é "Briotanach" a ghlaoch air - tá cónaí air sa UK, ní sa Bhreatain). Braithfidh sé ar an lucht léimh.
Cibé rud a ghlaoitear air, áfach, is féidir linn ar fad bheith bródúil as!
Amhrán ag Teacht ar an Saol
20 hours ago
D'fhan m'fhear féin ina shuí go dtí 2am le go bhfeicfeadh sé toradh na himeartha. Níl a fhios agam féin tada faoin gcluiche, ach tuigim go raibh an Garraíodóir breá sásta leis an toradh...:-)
ReplyDelete