10.6.10

Deepwater Horizon, Corcaigh

An bhfaca sibh an suíomh seo go fóill. Is féidir an doirteadh ola Deepwater Horizon a bhogadh go haon áit eile ar domhain chun comparáid a dhéanamh le do cheantar féin.














Mar shampla...

dá dtarlódh a leithéid de thubaiste i gcathair Chorcaí, bheadh leath na tíre cludaithe faoin tráth seo.

Agus an doirteadh fós ag fás, ar ndóigh.

5 comments:

  1. Chuir mise ar oileán Faoide é chun é a chur i gcomparáid leis an tubaiste a bhí againn anseo.
    (ní féidir díreach Beanntraí a úsáid, téann tú go Dakota!)
    Sin iontach, go raibh maith agat.

    ReplyDelete
  2. Bhí sé suas ar maidin, 12%! Ach fuair sé greasáil nach beag ó thosaigh an doirteadh.

    I ndáiríre ní thiocfaidh doirteadh ola agus scrios timpeallachta idir an caipitlí agus a bhrabús.

    Go raibh maith agat as sin John.
    Ní fheicim conas is féidir leo an rud seo a fheabhsú ar chor ar bith, fiú dá stopfadh an doirteadh roimh Nollaig.
    Tubaiste dhomhanda atá ann.

    ReplyDelete
  3. Tá iarracht bhídeach den schadenfreude agam sa chás seo, sa mhéid gurb é cuid de na stáit is coimeádaí i SAM atá thíos leis seo. Bhí a lán daoine i bhfách le “drill baby drill” sna bólaí úd. Agus bhí cáil ar Louisiana riamh as caimiléireacht na polaitíochta ansin, thar aon stát eile ( Illinois san áireamh!).

    ReplyDelete