14.9.10

Googleáil na Gaeilge

Nochtadh locht gramadaí ar an mblag seo seachtain ó shin ar phrása a bhí aistrithe agam le cabhair ó Ghoogle, nuair a scríobh mé: "Mar bhíonn dhá theanga agam". (Táim cinnte nach é mo chéad bhotún, ach ceann bunúsach náireach a bhí ann). Táim buíoch de Dennis as ucht an cheachta.


Dennis King

[...] Nuair a úsáidtear “mar” mar chónasc (= because), ní shéimhíonn sé an focal ar a lorg: mar tá, mar bíonn.


John

[...] Ní rabhas cinnte faoin séimhiú i ndiaidh 'mar' sa chás sin. Ba chóir go mbeadh sé ar eolas agam... ach rinne mé cuardach ar Ghoogle do "mar bíonn" agus "mar bhíonn" agus bhí níos mó ann leis an séimhiú. Is léir nach féidir brath air. Arís, ba chóir go mbeadh sé ar eolas agam.


Tá sé ró-éasca/róthapa phrásaí a aimsiú ar chuardach Google, seachas na rialacha ghramadaí a chuardú i gceart sna leabhair. Agus mise a bhí thíos leis.

An úsáideann sibhse cuardaigh mar sin uaireanta? Nó, an mise an t-aon duine leisciúil anseo? An bhfuil acmhainn leictreonach eile a bheadh níos oiriúnaí don chineál ceiste seo?

***

Ní thuigim conas a bhfaightear na torthaí ach, dála an scéil, ní hionann na hinnill chuardaigh ar fad. Seo hé liosta torthaí ar na hinnill chuardaigh is coitianta ar an idirlíon.

Google: mar bhíonn: 4160, mar bíonn: 2820
Yahoo: mar bhíonn: 225, mar bíonn: 714
Bing: mar bhíonn: 64, mar bíonn: 212
Ask.com: mar bhíonn: 1950, mar bíonn: 1330

B'fhéidir gur chóir dúinn Bingáil in áit Googleáil amach anseo?!

9 comments:

  1. Caith súil ar phota focal.

    Bíonn cartlann Beo nasctha leis.

    Gheobhaidh tú samplaí i gcomhthéacs ansin.

    Ná brath ar Google. Tá an dúrud Gaeilge a chodail amuigh ar líne (agus mise freagrach as mo sciar náireach fhéin de)

    ReplyDelete
  2. GRMMA. Is acmhainn iontach í sin. Tá sé curtha le mo leabharmharcanna eile.

    An rud tubaisteach faoi ná, gan focal ó Dennis, bheinn fhéin ag cur leis an bhfadhb ar Ghoogle. Nílim ag rá gur chóir dúinn botúin a thaispeáint do dhaoine i gcónaí, ach is léir go gcabhraíonn sé go mór le Gaeilge na hidirlíne go ginearálta.

    ReplyDelete
  3. Ceist chigilteach atá ann, ceart go leor. Ach is minic anois daoine ag fógairt go bhfuilid toilteanach glacadh le ceartú.

    ReplyDelete
  4. Tá séimhiú ar an réamhfhocal.

    GGBC:

    28.12 Mar
    Féach na difríochtaí foirme agus brí i dtosach na bhfochlásal sna habairtí seo a leanas:
    gheobhaidh tú thíos sa trá í mar a mbíonn sí ag súgradh;ní maith léi an sioc mar bíonn sí
    fuar lena linn; gan bhróg ná stoca, sin mar a bhíonn sí.
    mar a mbíonn = áit a mbíonn: mar bíonn = óir bíonn; mar a bhíonn = an riocht ina mbíonn.

    ReplyDelete
  5. Bainim úsáid as Google mar sin uaireanta, ní hamháin le Gaeilge, ach le Fraincis is Spáinnis chomh maith. Ach d'fhoghlaim mé i bhfad ó shin nach mór dom an toradh a scagadh go han-chúramach: cé a scríobh, cén comhthéacs, cé eile a scríobh an rud céanna, etc. Tá a lán Fraincise is Spáinnise a chodail amuigh ar an idirlíon freisin!

    ReplyDelete
  6. @ 'Ach d'fhoghlaim mé i bhfad ó shin nach mór dom an toradh a scagadh go han-chúramach: cé a scríobh, cén comhthéacs, cé eile a scríobh an rud céanna, etc..'

    Mise freisin...:-)

    ReplyDelete
  7. GRMA uilig. Le bhur gcabhair éireoidh mé as an ndroch-nós ;)

    ReplyDelete
  8. 'Séard a déarfainnse "mar go mbíonn"

    ReplyDelete